1 Chum na dTesaloníceach 3
3
1Ar an aḋḃar sin, nuair nárḃ ḟéidir linn foiḋneaṁ níb’ ḟaide, do ċeapamar go mba ċeart dúinn fanaṁain ’n‐ár n‐aonar i gCaṫair na hAiṫne: 2agus do ċuireamar Timóteus, ar mbráṫair agus ministir Dé i soiscéal Ċríost, ċugaiḃ ċum siḃ do ḋaingniú, agus ċum sólás i dtaoḃ ḃur gcreidiṁ do ṫaḃairt daoiḃ; 3ċum naċ gcorróċaiḋe aon duine leis na caṫuiġṫiḃ úd: óir atá a ḟios agaiḃ gur ċuige sin do h‐órduiġeaḋ sinn. 4Óir nuair ḃíomar ’n‐ḃur ḃfoċair, d’inniseamar roiṁ ré ḋaoiḃ go ḃfuil anró le fulang againn; rud ṫáinig ċum críċe, mar is eol daoiḃ féin. 5D’á ḃriġ sin, nuair nárḃ ḟéidir liom foiḋneaṁ níb’ ḟaide, d’iarras faisnéis d’ḟáġáil i dtaoḃ ḃur gcreidiṁ, ar eagla, ar ċor ar biṫ, go mbéaḋ caṫú curṫa ag an gcaṫuiġṫeoir oraiḃ, agus go mbéaḋ ár saoṫar i n‐aisce. 6Aċt nuair ṫáinig Timóteus uaiḃ anois díreaċ ċugainn, agus ṫug sé deaġ‐scéala ḋúinn i dtaoḃ ḃur gcreidiṁ agus i dtaoḃ ḃur ngráḋa, g‐á ráḋ go mbíonn siḃ i gcóṁnaiḋe ag cuiṁneaṁ orainn, ag tnúṫ le n‐ár ḃfeicsin, mar táimíd féin ag tnúṫ leis, ċóṁ maiṫ: 7d’á ḃriġ sin, a ḃráiṫre, fuaramar sólás ’n‐ḃur dtaoḃ i lár ár n‐aṁgair agus ár mbuaiḋearṫa uile: 8óir mairimíd beo anois, ó tá siḃ ag seasaṁ go daingean san Tiġearna. 9Óir cia an buiḋeaċas ḟéadaimíd a ṫaḃairt arís do Ḋia ar ḃur son as uċt an áṫais ṁóir atá orainn ’n‐ḃur dtaoḃ i ḃfiaḋnaise ár nDé: 10ag guiḋe go díoġraiseaċ dúinn d’oiḋċe agus de ló go ḃfeicfimíd ḃur n‐aġaiḋ, agus go gcuirfimíd bárr ar a ḃfuil i n‐easnaṁ ar ḃur gcreideaṁ.
11Anois go seolaiḋ Dia féin agus ár nAṫair, agus ár dTiġearna Íosa ar ár mbealaċ ċugaiḃ sinn: 12agus go méaduiġiḋ an Tiġearna an gráḋ ionnaiḃ go líonṁar d’á ċéile, agus do ċáċ, mar atá againn féin daoiḃ‐se; 13ċum go ndaingniġiḋ sé ḃur gcroiḋeaċa gan loċt i ḃfiaḋnaise ár nDé agus ár nAṫar, ag teaċt d’ár dTiġearna Íosa i n‐éinḟeaċt le n‐a naoṁaiḃ uile.
Currently Selected:
1 Chum na dTesaloníceach 3: JOYNTG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.