Bible App logo
Search Icon

1 Eoin 5

5
1Cibé duine ċreideas gur ab é Íosa an Críost, is ó Ḋia do geineaḋ é, agus cibé duine ġráḋuiġeas an té do ġein é, gráḋuiġeann sé an Mac do geineaḋ uaiḋ. 2Air so aiṫniġmíd go ḃfuil gráḋ againn do ċlainn Dé, nuair ḃíos gráḋ againn do Ḋia, agus nuair ċoiṁeádaimíd a aiṫeanta. 3Óir is é seo gráḋ Dé, sinne do ċoiṁeád a aiṫeanta: agus ní ḟuil a aiṫeanta trom. 4Óir buaḋann ar geineaḋ ó Ḋia ar an saoġal, agus is é do ḃuaiḋ ar an saoġal, ná ár gcreideaṁ‐na. 5Agus cia h‐é ḃuaḋas ar an saoġal aċt an té ċreideas gur ab é Iosa Mac Dé? 6Is é Íosa Críost an té ṫáinig tré uisce agus tré ḟuil: ní h‐é tríd an uisce aṁáin, aċt tríd an uisce agus tríd an ḟuil. 7Agus is é an Spiorad do‐ḃeir fiaḋnaise, óir is é an Spiorad an ḟírinne. 8Óir atá triúr ann do‐ḃeir fiaḋnaise, an Spiorad, agus an t‐uisce, agus an ḟuil: agus cuireann an triúr le ċéile. 9Má ġlacaimíd le fiaḋnaise na ndaoine, is mó ’ná sin fiaḋnaise Dé: óir is í fiaḋnaise Dé, go dtug sé fiaḋnaise i dtaoḃ a ṁic. 10An té ċreideas i Mac Dé, atá an ḟiaḋnaise seo ann féin. An té naċ gcreideann do Ḋia, bréagnuiġeann sé é; de ḃriġ nár ċreid sé an ḟiaḋnaise ṫug Dia i dtaoḃ a Ṁic. 11Agus is í seo an ḟiaḋnaise, go dtug Dia an ḃeaṫa ṁarṫannaċ dúinn, agus gur ’n‐a Ṁac atá an ḃeaṫa so. 12An té go ḃfuil an Mac aige, atá an ḃeaṫa aige; an té naċ ḃfuil Mac Dé aige, ní ḟuil an ḃeaṫa aige.
13Do scríoḃas na neiṫe seo ċugaiḃ‐se ċreideas i n‐ainm Ṁic Dé ċum go mbéiḋ eolas agaiḃ go ḃfuil an ḃeaṫa ṁarṫannaċ agaiḃ. 14Agus is é aḋḃar an uċtaiġ atá againn ’n‐a ṫaoḃ, má iarraimíd rud ar biṫ do réir a ṫola air, go n‐éisteann sé linn: 15agus má tá a ḟios againn go n‐éisteann sé le cibé niḋ iarraimíd air, annsin atá a ḟios againn go ḃfuil na neiṫe d’iarramar air againn. 16Má ċíonn aoinneaċ a ḃráṫair ag déanaṁ peacaiḋ naċ ḃfuil ċum báis, iarrfaiḋ sé, agus ḃéarfaiḋ Dia beaṫa ḋó le h‐aġaiḋ na ndaoine naċ ndéanann peacaḋ ċum báis. Atá peacaḋ ċum báis ann; ní abraim go mba ċeart dó guiḋe ar a ṡon sin. 17Is peacaḋ gaċ éagcóir: agus tá peacaḋ ann naċ ḃfuil ċum báis.
18Is eol dúinn, aoinneaċ do geineaḋ ó Ḋia naċ ndéanann sé peacaḋ; aċt an té do geineaḋ ó Ḋia, coiṁeádann sé féin é, agus ní ḃfaġann an ainspioraid greim air. 19Is eol dúinn, leis, gur daoine le Dia sinn, agus go ḃfuil an saoġal ar fad fá ċuṁaċt na h‐ainspioraide. 20Agus is eol dúinn go dtáinig Mac Dé, agus go dtug sé tuigsin dúinn ċum an té atá fírinneaċ d’aiṫint, agus atáimíd‐ne san té atá firinneaċ, ’n‐a Ṁac Íosa Críost. 21Is é an fír‐Ḋia, agus an ḃeaṫa ṁarṫannaċ é seo. A ċlann ḃeag, coiṁeádaiḋ siḃ féin ar íoḋalaiḃ.

Currently Selected:

1 Eoin 5: JOYNTG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in