1
1 Eoin 5:14
Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)
JOYNTG
Agus is é aḋḃar an uċtaiġ atá againn ’n‐a ṫaoḃ, má iarraimíd rud ar biṫ do réir a ṫola air, go n‐éisteann sé linn
Compare
Explore 1 Eoin 5:14
2
1 Eoin 5:15
agus má tá a ḟios againn go n‐éisteann sé le cibé niḋ iarraimíd air, annsin atá a ḟios againn go ḃfuil na neiṫe d’iarramar air againn.
Explore 1 Eoin 5:15
3
1 Eoin 5:3-4
Óir is é seo gráḋ Dé, sinne do ċoiṁeád a aiṫeanta: agus ní ḟuil a aiṫeanta trom. Óir buaḋann ar geineaḋ ó Ḋia ar an saoġal, agus is é do ḃuaiḋ ar an saoġal, ná ár gcreideaṁ‐na.
Explore 1 Eoin 5:3-4
4
1 Eoin 5:12
An té go ḃfuil an Mac aige, atá an ḃeaṫa aige; an té naċ ḃfuil Mac Dé aige, ní ḟuil an ḃeaṫa aige.
Explore 1 Eoin 5:12
5
1 Eoin 5:13
Do scríoḃas na neiṫe seo ċugaiḃ‐se ċreideas i n‐ainm Ṁic Dé ċum go mbéiḋ eolas agaiḃ go ḃfuil an ḃeaṫa ṁarṫannaċ agaiḃ.
Explore 1 Eoin 5:13
6
1 Eoin 5:18
Is eol dúinn, aoinneaċ do geineaḋ ó Ḋia naċ ndéanann sé peacaḋ; aċt an té do geineaḋ ó Ḋia, coiṁeádann sé féin é, agus ní ḃfaġann an ainspioraid greim air.
Explore 1 Eoin 5:18