YouVersion Logo
Search Icon

1 Chum na gCoirinnteach 2

2
1Im’ ṫaoḃ‐sa, a ḃráiṫre, nuair ṫánag ċugaiḃ, ní le h‐árd‐ċainnt ná le gliocas ṫánag, ag fógairt rúindiamaire Dé ḋaoiḃ. 2Óir ḃí sé de rún agam gan aon eolas ḃeiṫ agam ’n‐ḃur measc aċt aṁáin ar Íosa Críost, agus é céasta. 3Agus do ḃíos i n‐éinḟeaċt liḃ i laige, agus i n‐eagla, agus i gcrioṫnú mór. 4Agus ní briaṫra blasta gliocais do ḃí im’ ċainnt agus im’ ṡeanmóireaċt, aċt lán‐dearḃú an Spioraid agus cuṁaċt: 5ċum, naċ ar ġliocas daonna, aċt ar ċuṁaċt Dé, do ṡeasfaḋ ḃur gcreideaṁ.
6Aċt ċeana laḃraimíd eagnaiḋeaċt i measc na ndaoine n‐eolgaċ: ní h‐í eagnaiḋeaċt an tsaoġail seo í, ná eagnaiḋeaċt luċt ceannais an tsaoġail seo atá ag dul ar neaṁniḋ: 7aċt laḃraimíd eagna Dé ’n‐a diaṁar‐rún do ḃí fá ċeilt, d’órduiġ Dia ċum ár nglóire roiṁ ṫosaċ an tsaoġail; 8eagna naċ raiḃ eolas ag luċt ceannais an tsaoġail seo uirṫi, óir dá mbéaḋ eolas aca uirṫi, ní ċéasfaidís Tiġearna ná glóire: 9aċt mar atá scríoḃṫa,
Ní ḟaca súil, agus ní ċuala cluas,
Ní ṫáinig isteaċ i gcroiḋe an duine,
Na neiṫe do ċuir Dia i n‐áiriṫe do na daoiniḃ go ḃfuil gráḋ aca ḋó.
10Aċt do noċt Dia ḋúinne tríd an Spiorad iad: óir scrúduiġeann an Spiorad an uile niḋ, go fiú neiṫe doiṁne Dé. 11Óir cia h‐é an duine gur ab eol dó na neiṫe ḃaineas leis an duine, aċt aṁáin spiorad an duine atá istiġ ann? Ar an geuma ċéadna sin ní h‐eol d’aoinneaċ na neiṫe ḃaineas le Dia, aċt aṁáin do Spiorad Dé. 12Aċt ní h‐é spiorad an tsaoġail fuaramair‐ne, aċt an spiorad ṫig ó Ḋia; ċum go mbéaḋ eolas againn ar na neiṫiḃ ḃronnas Dia go fial orainn. 13Is ar na neiṫiḃ sin laḃraimíd, ní i mbriaṫraiḃ ṁúineas eagna ḋaonna, aċt an méid ṁúineas an Spiorad dúinn; ag míniú neiṫe spioradálta le neiṫiḃ spioradálta. 14Ní ġlacann an duine neaṁ‐spioradálta le neiṫiḃ Spioraid Dé: mar is cuma leis iad nó diṫ‐céille: agus ní féidir leis eolas d’ḟáġáil orṫa, de ḃriġ go mbreaṫnuiġtear iad go spiorádálta. 15Aċt an té atá spioradálta breaṫnuiġeann sé an uile niḋ, agus ní ḟuil sé fá ḃreiṫ duine ar biṫ. 16Óir cia h‐é do ṫuig aigne an Tiġearna, go dtiuḃraḋ sé teagasc dó? Aċt is í aigne Ċríost atá againne.

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in