1 Chum na gCoirinnteach 3
3
1Im’ ṫaoḃ‐sa, a ḃráiṫre, níor ḟéadas laḃairt liḃ‐se mar laḃarfainn le daoiniḃ spioradálta, aċt mar laḃarfainn le saoġaltánaċaiḃ, le leanḃaiḃ i gCríost. 2Is le bainne do ḃeaṫuiġeas siḃ, agus níor le biaḋ é; mar ní raiḃ ar ċumas daoiḃ a ġlacaḋ: agus anois féin ní ḟuil sé ar ḃur gcumas; mar tá siḃ colnaiḋe fós: 3óir cóṁḟad agus ḃíos formad agus imreasán ’n‐ḃur measc, naċ ḃfuil siḃ colnaiḋe, ag siuḃal ar nós daoine? 4Óir nuair adeir duine aṁáin, Is le Pól mise; agus duine eile, Is le h‐Apollos mise; naċ ḃfuil siḃ ’n‐ḃur saoġaltánaċaiḃ? 5Cia h‐é Apollos mar sin? Cia h‐é Pól? Seirḃísiġ tré n‐ar ċreideaḃar; gaċ duine aca do réir mar ṫug Dia ḋó é. 6Do ċuireas‐sa an síol, do ċraiṫ Apollos an t‐uisce, aċt is é Dia ṫug an fás. 7D’á ḃriġ sin, ní h‐éinniḋ an té ċuireas, ná an té ċraiṫeas uisce, aċt Dia do‐ḃeir an fás. 8Anois is ionann an té ċuireas síol agus an té ċraiṫeas uisce; aċt do‐ġeoḃaiḋ gaċ aoinneaċ a ṫuarastal féin do réir a ṡaoṫair. 9Óir is ċóṁoibriḋṫe le Dia sinn: is fearann Dé siḃ‐se, foirgneaṁ Dé.
10Do réir grása Dé tugaḋ ḋom mar árd‐ṡaor cliste, do ċuireas‐sa an bun, agus tógann duine eile air. 11Óir ní ḟéadann aon duine bun ar biṫ do ċur aċt an bun atá curṫa ċeana, is é sin Íosa Críost. 12Agus má ṫógann aon duine ar an mbun so ór, airgead, cloċa luaċṁara, aḋmad, féar, nó connlaċ, noċtfar obair gaċ aon duine: 13óir foillseoċaiḋ an lá é, de ḃriġ go ndéanfar soiléir é san teiniḋ; agus déanfaiḋ an teine féin a ċruṫú cia an cineál obair gaċ duine. 14Má ṡeasann an obair do ṫóg aon duine air, do‐ġeoḃaiḋ sé luaċ a ṡaoṫair. 15Má dóiġtear obair aon duine, béiḋ caill air: aċt saorfar é féin; aṁail agus dá mba tré ṫeiniḋ é.
16Naċ ḃfuil a ḟios agaiḃ gur siḃ‐se teampall Dé, agus go gcóṁnuiġeann Spiorad Dé ionnaiḃ? 17Má scriosann aon duine teampall Dé, scriosfaiḋ Dia an duine sin; óir atá teampall Dé naoṁṫa, agus is siḃ‐se é.
18Ná meallaḋ aon duine é féin. Má ṁeasann aon duine ḋíḃ ḃeiṫ glic san tsaoġal so, bíoḋ sé ’n‐a amadán, ċum go n‐éireoċaḋ sé glic. 19Óir is díṫ‐céille le Dia gliocas an tsaoġail seo, mar tá scríoḃṫa, Greamuiġeann sé luċt gliocais ’n‐a ngastaċt féin: 20agus arís, Is eol do Ḋia smaointe na n‐eagnaiḋe, gur díoṁaointeas iad. 21Uime sin, ná déanaḋ duine ar biṫ maoiḋṁeaċas as daoiniḃ. 22Óir is liḃ‐se an uile niḋ; is cuma cia aca Pól, nó Apollos, nó Céfas, nó an saoġal, nó beaṫa, nó bás, nó neiṫe atá de láṫair, nó neiṫe atá le teaċt; is liḃ‐se iad uile; 23agus is le Críost siḃ‐se; agus is le Dia Críost.
Currently Selected:
1 Chum na gCoirinnteach 3: JOYNTG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.