1
1 Chum na gCoirinnteach 2:9
Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)
JOYNTG
aċt mar atá scríoḃṫa, Ní ḟaca súil, agus ní ċuala cluas, Ní ṫáinig isteaċ i gcroiḋe an duine, Na neiṫe do ċuir Dia i n‐áiriṫe do na daoiniḃ go ḃfuil gráḋ aca ḋó.
Compare
Explore 1 Chum na gCoirinnteach 2:9
2
1 Chum na gCoirinnteach 2:14
Ní ġlacann an duine neaṁ‐spioradálta le neiṫiḃ Spioraid Dé: mar is cuma leis iad nó diṫ‐céille: agus ní féidir leis eolas d’ḟáġáil orṫa, de ḃriġ go mbreaṫnuiġtear iad go spiorádálta.
Explore 1 Chum na gCoirinnteach 2:14
3
1 Chum na gCoirinnteach 2:10
Aċt do noċt Dia ḋúinne tríd an Spiorad iad: óir scrúduiġeann an Spiorad an uile niḋ, go fiú neiṫe doiṁne Dé.
Explore 1 Chum na gCoirinnteach 2:10
4
1 Chum na gCoirinnteach 2:12
Aċt ní h‐é spiorad an tsaoġail fuaramair‐ne, aċt an spiorad ṫig ó Ḋia; ċum go mbéaḋ eolas againn ar na neiṫiḃ ḃronnas Dia go fial orainn.
Explore 1 Chum na gCoirinnteach 2:12
5
1 Chum na gCoirinnteach 2:4-5
Agus ní briaṫra blasta gliocais do ḃí im’ ċainnt agus im’ ṡeanmóireaċt, aċt lán‐dearḃú an Spioraid agus cuṁaċt: ċum, naċ ar ġliocas daonna, aċt ar ċuṁaċt Dé, do ṡeasfaḋ ḃur gcreideaṁ.
Explore 1 Chum na gCoirinnteach 2:4-5