YouVersion Logo
Search Icon

1 Chum na gCoirinnteach 15

15
1Anois, a ḃráiṫre, cuirim ar eolas daoiḃ an soiscéal do ṡeanmóireas daoiḃ, gur ġlac siḃ leis, go ḃfuil ḃur seasaṁ air, 2agus tré n‐a slánuiġtear siḃ, leis; má ċoiṁeádann siḃ go daingean an briaṫar do ṡeanmóireas doiḃ, munar ċreideaḃar go neaṁ‐éifeaċtaċ. 3Óir ar dtús ṫugas daoiḃ, mar fuaras é, go ḃfuair Críost bás i n‐éiric ár bpeacaiḋe, de réir na scrioptúir: 4agus gur h‐aḋlacaḋ é: agus gur aiséiriġ sé an treas lá do réir na scrioptúir; 5agus gur taiḋḃriġeaḋ é do Ċéfas; 6don dáréag ’n‐a ḋiaiḋ sin; gur taiḋḃriġeaḋ é ’n‐a ḋiaiḋ sin do ṫuilleaḋ agus cúig céad bráṫair i n‐éinḟeaċt, go ḃfuil an ċuid is mó aca ’n‐a mbeaṫaiḋ fós, aċt go ḃfuil cuid eile aca tuitṫe fá ṡuan. 7’N‐a ḋiaiḋ sin taiḋḃriġeaḋ é do Ṡéamas, 8annsin do na h‐abstalaiḃ uile; agus san deireaḋ, taiḋḃriġeaḋ é ḋaṁ‐sa, mar ḋuine rugaḋ i n‐antráṫ. 9Óir is mise an té is luġa de na h‐abstalaiḃ, naċ fiú mé ainm abstail do ṫaḃairt orm, de ḃriġ go ndearnas géirleanṁain ar eaglais Dé. 10Aċt is tré ġrása Dé atáim mar atáim; agus an grása do bronnaḋ orm, ní fríṫ gan éifeaċt é; aċt is mó an saoṫar do‐rinneas‐sa ’ná rinne siad uile: giḋ naċ mise do‐rinne, aċt grása Dé do ḃí liom. 11Aċt cia aca mise nó iad‐san, is mar sin do‐ġnímid seanmóireaċt, agus is mar sin do ċreideaḃair‐se.
12Anois, má fógarṫar Críost gur éiriġ sé ó na marḃaiḃ, cionnas adeir cuid agaiḃ naċ ḃfuil aiséirġe na marḃ ann? 13Muna ḃfuil aiséirġe na marḃ ann, níor éiriġ Críost fós: 14agus munar éiriġ Críost, atá ár ḃfógairt gan éifeaċt, tá ḃur gcreideaṁ‐sa gan ḃriġ, leis. 15Agus do‐ġeiḃtear sinne ḃeiṫ ’n‐ár ḃfianaiḋṫiḃ bréige ar son Dé; de ċionn go dtugamar fiaḋnaise i dtaoḃ Dé gur ṫóg sé Críost: an té nár ṫóg sé; má’s fíor naċ dtógtar na mairḃ. 16Óir muna dtógtar na mairḃ, níor tógaḋ Críost féin fós: 17agus munar tógaḋ Críost, atá ḃur gcreideaṁ gan éifeaċt; atá siḃ ’n‐ḃur bpeacaiḋiḃ i gcóṁnaiḋe. 18Mar an gcéadna na daoine atá tuitṫe fá ṡuan i gCríost, atá siad caillte. 19Má’s san tsaoġal so aṁáin atá dóċas as Críost againn, is sinne na daoine is truaiġe ar biṫ.
20Aċt anois atá Críost éiriġṫe ó na marḃaiḃ, is é céad‐toraḋ na ndaoine atá fá ṡuan é. 21Óir fá mar ṫáinig an bás tríd an duine, tríd an duine is eaḋ, leis, ṫáinig an aiséirġe ó na marḃaiḃ. 22Óir aṁail mar ġeiḃeann gaċ uile ḋuine bás i nÁḋaṁ, mar an gcéadna is eaḋ aiṫḃeoċar gaċ uile ḋuine i gCríost. 23Aċt gaċ duine ’n‐a ṡeal féin: Críost mar ċéadtoraḋ; ’n‐a ḋiaiḋ sin na daoine is le Críost, nuair ṫiocfas sé. 24Annsin an deireaḋ, nuair ṫiuḃras sé an ríoġaċt suas do Ḋia, an tAṫair; nuair ċuirfeas sé gaċ ceannas agus gaċ uġdarás agus cuṁaċt ar ceal. 25Óir caiṫfiḋ sé ḃeiṫ ’n‐a riġ nó go gcuiriḋ sé a náiṁde uile fá n‐a ċosaiḃ. 26Is é an bás an náṁa ḋeiriḋ cuirfear ar ceal. 27Óir do ċuir sé gaċ uile niḋ fá smaċt fá n‐a ċosaiḃ. Aċt nuair adeir sé, Atá gaċ uile niḋ curṫa fá smaċt, is léir naċ mbaineann sin leis an té do ċuir gaċ uile niḋ fá n‐a ċeannas. 28Agus nuair ḃéas gaċ uile niḋ fá n‐a ċeannas, annsin is eaḋ ḃéas an Mac féin fá ċeannas an té do ċuir gaċ uile niḋ fá n‐a ċeannas, ar ṁoḋ go mbéiḋ Dia ’n‐a uile niḋ do ċáċ.
29Munarḃ é sin é, créad ḋéanfas na daoine baistear ar son na marḃ? Muna n‐aiséiriġeann na mairḃ ar ċor ar biṫ, cad ċuige a mbaistear iad ar a son? 30cad ċuige ḋúinne seasaṁ i nguais gaċ uair? 31Dearḃuiġim, a ḃráiṫre, ar an mbród atá agam asaiḃ i nÍosa Críost ár dTiġearna, go ḃfaiġim bás gaċ lá. 32Má’s ar nós daoine do ṫroideas le h‐ainṁiḋṫiḃ allta i nEiféis, créad é a ṫairḃe ḋom? Muna n‐aiséiriġeann na mairḃ, iṫimís agus ólaimís óir do‐ġeoḃaimíd bás i mbáireaċ. 33Ná mealltar siḃ: Truailliġeann droċċ‐uideaċta deaġ‐ḃéasa. 34Dúisiġiḋ ċum fíréantaċta, agus ná déanaiḋ peacaḋ: óir atá cuid agaiḃ atá gan eolas ar Ḋia: deirim an méid seo ċum náire do ċur oraiḃ.
35Aċt atá daoine ann adéarfas, Cionnas aiséiriġeann na mairḃ? agus cia an saġas cuirp ’n‐a dtagann siad? 36A ḋuine ḋiṫ‐céilliḋe, an síol ċuireas tú féin, ní beoḋuiġtear é muna n‐éagann sé: 37agus an niḋ ṡíolċuireas tú, ní h‐é an corp ḃéas ann ċuireas tú aċt gráinne lom cruiṫneaċtan, b’ḟéidir, 38nó arḃair áiriṫe eile: aċt do‐ḃeir Dia corp dó do réir a roġan féin, agus do‐ḃeir sé a ċorp féin do gaċ síol. 39Ní h‐ionann le ċéile an uile ṡaġas feola: aċt atá feoil ar leiṫ ag daoiniḃ, agus feoil ar leiṫ ag ainṁiḋṫiḃ, agus feoil ar leiṫ ag éanaċaiḃ, agus feoil ar leiṫ ag an iasc. 40Atá cuirp neaṁḋa ann, agus cuirp ṫalṁaiḋe, leis: aċt is niḋ aṁáin ar leiṫ áilne an ċuirp neaṁḋa, agus niḋ aṁáin eile áilne an ċuirp ṫalṁaiḋe. 41Atá áilne ar leiṫ ag an ngréin, agus áilne ar leiṫ ag an ngealaiġ, agus áilne ar leiṫ ag na réaltaiḃ; óir atá malairt áilne ag réaltaiḃ le réaltaiḃ eile. 42Mar sin d’aiséirġe an ċuirp. Curtar an corp ’n‐a niḋ truailliḋe: éiriġeann sé ’n‐a niḋ neaṁṫruailliḋe: 43curtar é i n‐easonóir; éiriġeann sé i nglóir: curtar é i laige; éiriġeann sé i neart: curtar é mar ċorp nádúrṫa; 44éiriġeann sé mar ċorp spioradálta. Má tá corp nádúrṫa ann, atá corp spioradálta ann, leis. 45Mar atá scríoḃṫa, An ċéad duine, Áḋaṁ, ba anam beo é go dtugaḋ an ḃeaṫa ḋó; an tÁḋaṁ deireannaċ, is é do‐ḃeir an ḃeaṫa uaiḋ. 46Aċt ní h‐é an niḋ spioradálta ba ṫúisce do ḃí ann, aċt an niḋ nádúrṫa; an niḋ spioradálta ’n‐a ḋiaiḋ sin. 47Ó’n talaṁ do’n ċéad duine, talṁaiḋe: ó neaṁ do’n dara duine. 48Mar tá an duine talṁaiḋe, is mar sin atá an ṁuinntear ṫalṁaiḋe: agus mar tá an duine neaṁḋa, is mar sin atá an ṁuinntear neaṁḋa. 49Agus fá mar ḃíomar i gcosaṁlaċt an duine ṫalṁaiḋe, béiḋmíd i gcosaṁlaċt an duine neaṁḋa, leis.
50Is é rud adeirim, a ḃráiṫre, naċ ḃféadann feoil agus fuil oiḋreaċt ríoġaċta Dé d’ḟáġáil; agus naċ mbíonn an truailleaċt ’n‐a h‐oiḋre ar an neaṁṫruailleaċt. 51Féaċ, innisim diaṁar‐rún daoiḃ: Ní ċodlóċaimíd uile, aċt curfar malairt croṫa orainn; 52i móiméad, le sméideaḋ súile, le glór an stuic deiriḋ; óir séidfiḋ an stoc, agus éireoċaiḋ na mairḃ neaṁṫruailliḋe, agus aṫróċar sinn. 53Óir ní foláir do’n ċorp truailliḋe neaṁṫruailleaċt do ċur uime, agus do’n ċorp so‐ṁarḃṫa do‐ṁarḃaċt do ċur uime. 54Agus nuair ċuirfeas an corp truailliḋe neaṁṫruailleaċt uime, tiocfaiḋ ċum críċe an focal atá scríoḃṫa, Atá an bás sloigṫe i mbuaiḋ. 55A ḃáis, cá ḃfuil do ḃuaiḋ? 56A ḃáis, cá ḃfuil do ċealg? Is é an peacaḋ cealg an ḃáis; agus is é an dliġe neart an ṗeacaiḋ. 57Aċt buiḋeaċas le Dia do‐ḃeir an ḃuaiḋ ḋúinn tríd ár dTiġearna Íosa Críost. 58Uime sin, a ḃráiṫre ionṁaine, biḋiḋ diongḃálta, do‐ċorruiġṫe, lán‐díċeallaċ i gcóṁnaiḋe i ngnó an Tiġearna, agus a ḟios agaiḃ naċ ḃfuil ḃur saoṫar san Tiġearna gan toraḋ.

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in