1 Chum na gCoirinnteach 14
14
1Loirgiḋ an gráḋ: aċt cuiriḋ suim i mbronntanaisiḃ spioradálta, an ḟáiḋeadóireaċt go h‐áiriṫe. 2Óir an duine laḃras i dteangain, ní le daoiniḃ laḃras sé, aċt le Dia, mar ní ṫuigeann aoinneaċ é: giḋ go laḃrann sé rúindiaṁra san spiorad. 3Aċt an té do‐ġní fáiḋeadóireaċt, laḃrann sé le daoiniḃ g‐á spreagaḋ, g‐á mbrostú, agus g‐á gcóṁḟortú. 4An té laḃras i dteangain, spreagann sé é féin; aċt an té do‐ġní fáiḋeadóireaċt, spreagann sé an eaglais. 5Ba ṁaiṫ liom go laḃarfaḋ siḃ uile i dteangṫaċaiḃ, aċt dob’ ḟearr liom go mór go ndéanfaḋ siḃ fáiḋeadóireaċt: mar is fearr go mór an té do‐ġní fáiḋeadóireaċt ’ná an té laḃras i dteangṫaċaiḃ, muna míniġiḋ sé, ċum go ḃfaiġiḋ an eaglais beannaċt. 6Anois, a ḃráiṫre, má ṫagaim ċugaiḃ ag laḃairt i dteangṫaċaiḃ, cia an maiṫeas ḋéanfad daoiḃ, muna mbéiḋ foillsiú, nó eolas, nó fáiḋeadóireaċt, nó teagasc éigin agam d’á ṫaḃairt? 7Na neiṫe féin atá gan anam, ag déanaṁ fuama ḋóiḃ, má’s fliúit nó cláirseaċ iad, muna mbíonn idirḋealú ins na fuamaiḃ, cionnas aiṫneoċar an port seinntear ar an ḃfliúit nó ar an gcláirsiġ? 8Óir muna dtugaiḋ an stoc glór soiléir, cia ġléasfas é féin ċum caṫa? 9Is mar sin daoiḃ‐se, muna laḃraiḋ siḃ briaṫra so‐ṫuigseana leis an teangain, cionnas aiṫneoċar briġ an niḋ adeirtear? Ag laḃairt san aer ḃéas siḃ. 10Gan aṁras is iomḋa cineál teangan atá san doṁan, agus ní ḟuil einniḋ gan guṫ. 11Mar sin de, muna dtuigim‐se briġ an ġoṫa, béiḋead im’ ċoigríoċaċ ag an té laḃras, agus béiḋ an té laḃras ’n‐a ċoigríoċaċ agam‐sa. 12Ar an aḋḃar sin, de ḃriġ go sanntuiġeann siḃ bronntainisí spioradálta, iarraiḋ gur ab é leas na h‐eaglaise ḃéas mar ċúram oraiḃ. 13Uime sin, an té laḃras i dteangain, guiḋeaḋ sé go mbéiḋ ar ċumas dó an míniú do ṫaḃairt. 14Óir má ġním urnaiġe i dteangain, do‐ġní mo spiorad urnaiġe, aċt bíonn mo ṫuigsin ċinn gan toraḋ. 15Créad eile má’s eaḋ? Déanfad urnaiġe leis an spiorad, agus déanfad urnaiġe leis an tuigsin ċinn, ċóṁ maiṫ: canfad leis an spiorad, agus canfad leis an tuigsin ċinn, ċóṁ maiṫ. 16Muna mbéaḋ sin, má ḃeir tú buiḋeaċas leis an spiorad, an té atá gan eolas, cionnas adéarfas sé Amen, agus tú ag breiṫ buiḋeaċais? 17Is fíor go ḃfuil tú ag breiṫ buiḋeaċais, aċt ní h‐aon ċongnaṁ do’n duine eile é. 18Ḃeirim buiḋeaċas le Dia go laḃraim i dteangṫaċaiḃ níos mó ’ná siḃ go léir: 19aċt dob’ ḟearr liom cúig focail do laḃairt lem’ ṫuigsin ċinn san eaglais, ċum teagasc do ṫaḃairt do ḋaoiniḃ eile, ná deiċ míle focal i dteangain.
20A bráiṫre, ná biḋiḋ ’n‐ḃur leanḃaiḃ do réir tuigseana: aċt i dtaoḃ mailíse biḋiḋ ’n‐ḃur leanḃaiḃ, aċt i dtaoḃ tuigseana cinn, biḋiḋ ’n‐ḃur ndaoiniḃ fásta. 21Atá scríoḃṫa san dliġe, Le luċt laḃarṫa teangṫaċ eile agus as béalaiḃ coigríoċaċ is eaḋ laḃarfad leis an bpobal so; agus ’n‐a ḋiaiḋ sin ní éistfiḋ siad liom, adeir an Tiġearna. 22Mar sin de is mar ċóṁarṫa atá teangṫaċa ann, ní h‐é do luċt an ċreidiṁ, aċt do luċt an dí‐ċreidiṁ; aċt ní le h‐aġaiḋ na ndí‐ċreideaṁaċ, aċt le h‐aġaiḋ na gcreidṁeaċ atá an ḟáideadóireaċt. 23Uime sin, nuair ḃíos an eaglais uile cruinn le ċéile, agus go laḃrann an uile ḋuine i dteangṫaċaiḃ, agus go dtagann daoine aineolaċa isteaċ, agus daoine naċ gcreideann, naċ n‐abróċaiḋ siad gur ar mire atá siḃ? 24Aċt má’s ag fáiḋeadóireaċt ḃíos gaċ aoinneaċ, agus go dtagann duine díċreidṁeaċ nó duine aineolaċ isteaċ, bíonn sé d’á spreagaḋ ag cáċ, bíonn sé fá ḃreiṫ cáiċ; noċtar rúna a ċroiḋe; 25agus ar ṁoḋ go dtuitfiḋ sé ar a aġaiḋ faoi agus go n‐aḋarfaiḋ sé Dia, g‐á ráḋ go ḃfuil Dia dá ríriḃ ’n‐ḃur measc.
26Créad é, mar sin, a ḃráiṫre? Ag teaċt i gceann a ċéile ḋaoiḃ, bíonn salm, bíonn teagasc éigin, bíonn teanga, bíonn foillsiú, bíonn míniú ag gaċ duine agaiḃ. Déantar gaċ uile niḋ ċum leasa na mbráṫar. 27Má laḃrann aon duine i dteangain, laḃraḋ beirt, nó triúr, an ċuid is mó ḋe, i ndiaiḋ a ċéile; 28agus déanaḋ duine aṁáin an míniú: aċt muna mbíonn míniġṫeoir ann, fanaḋ sé ’n‐a ṫost san eaglais; agus laḃraḋ sé leis féin agus le Dia. 29Laḃraḋ beirt nó triúr de na fáiḋiḃ, agus déanaḋ an ċuid eile breiṫeaṁnas. 30Aċt má tugtar foillsiú do ḋuine eile atá ’n‐a ṡuiḋe ann, bíoḋ an ċéad ċainnteoir ’n‐a ṫost. 31Óir tig liḃ uile fáiḋeadóireaċt do ḋéanaṁ ’n‐ḃur nduine agus ’n‐ḃur nduine, ċum go dtugtar teagasc agus spreagaḋ do gaċ aoinneaċ; 32agus bíonn spioraidí na ḃfáiḋ fá smaċt na ḃfáiḋ; 33óir ní Dia mí‐riaġaltaċta é Dia, aċt is é Dia na síoṫċána é; mar is aṁlaiḋ atá i n‐eaglaisiḃ uile na naoṁ.
34Bíoḋ na mná ’n‐a dtost ins na h‐eaglaisiḃ: óir ní ceaduiġtear dóiḃ laḃairt; aċt bíoḋ siad ómósaċ, mar deir an dliġe. 35Agus má’s áil leo niḋ ar biṫ d’ḟoġlaim, cuiridís ceist ar a ḃfearaiḃ féin san mbaile: óir ní cuiḃe do ṁnaoi laḃairt san eaglais. 36An uaiḃ‐se do ċuaiḋ briaṫar Dé amaċ? nó, an ċugaiḃ‐se aṁáin ṫáinig sé?
37Má ṁeasann aon duine gur fáiḋ nó duine spioradálta é, aḋṁuiġeaḋ sé, na neiṫe scríoḃaim ċugaiḃ, gur ab iad aiṫeanta an Tiġearna iad. 38Aċt má tá duine ar biṫ gan eolas, bíoḋ sé gan eolas.
39Uime sin, a ḃráiṫre, cuiriḋ an‐tsuim san ḃfáiḋeadóireaċt, agus ná cuiriḋ cosc le laḃairt i dteangṫaċaiḃ. 40Aċt déantar an uile niḋ go stuamḋa, deaġ‐riaġalta.
Currently Selected:
1 Chum na gCoirinnteach 14: JOYNTG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.