1 Chum na gCoirinnteach 16
16
1Anois i dtaoḃ an ḃailiġṫe i gcóṁair na naoṁ, déanaiḋ‐se do réir mar d’órduiġeas d’eaglaisiḃ na Galátia. 2Cuireaḋ gaċ duine agaiḃ rud i leaṫtaoiḃ i dtaisce san mbaile, do réir a acfuinne, ċum naċ mbéiḋ aon ḃailiú d’á ḋéanaṁ nuair ṫiocfad‐sa. 3Agus nuair ṫiocfad, cuirfead na daoine ḃéas toġṫa agaiḃ le litreaċaiḃ ċum ḃur dtaḃartas do ḃreiṫ leo go hIarúsalem: 4agus má’s cuiḃe ḋom féin dul, raċaiḋ siad‐san i n‐éinḟeaċt liom. 5Aċt tiocfad ċugaiḃ tar a éis dom dul tríd an Ṁaiceaḋóin, óir atáim ag dul tríd an Maiceadóin; 6agus is féidir go ḃfanfad, nó go gcaiṫfead an geiṁreaḋ ’n‐ḃur ḃfoċair, ċum go gcuirfiḋ siḃ ar aġaiḋ mé, cibé áit ċum a ráċad. 7Óir ní mian liom siḃ d’ḟeicsin an t‐am so ar an sliġe ḋom; mar tá súil agam fanaṁain tamall ’n‐ḃur ḃfoċair, má’s toil le Dia é. 8Aċt fanfad i nÉiféis, go Cingcís; 9óir atá doras mór fóġanta ar ḟoscailt róṁam, agus is mór a lán náṁad atá ann.
10Má ṫagann Timótéus, féaċ ċuige go mbéiḋ sé gan eagla ’n‐ḃur ḃfoċair: óir atá sé ag déanaṁ oibre an Tiġearna, 11mar táim‐se ḋá déanaṁ: ná déanaḋ aoinneaċ beag‐is‐fiú ḋe. Aċt cuiriḋ ar aġaiḋ ar a aistear é i síoṫċáin, ċum go dtiocfaiḋ sé ċugam; óir atáim ag súil leis i n‐éinḟeaċt leis na bráiṫriḃ. 12Aċt i dtaoḃ an ḃráṫar Apollos, d’impiḋeas go dian air teaċt ċugaiḃ i n‐éinḟeaċt leis na bráiṫriḃ: agus ní raiḃ fonn dá laiġead air teaċt anois; aċt tiocfaiḋ sé nuair ḃéas faill aige ċuige.
13Biḋiḋ ag faire; seasaiḋ go daingean san gcreideaṁ; biḋiḋ go fearaṁail; biḋiḋ tréan‐láidir. 14Gaċ a ndéanann siḃ, déanaiḋ i ngráḋ é.
15Impiḋim oraiḃ, a ċáirde (atá a ḟios agaiḃ líon tiġe Steafáin, gur ab iad céad‐toraḋ Aċáia iad, agus go dtugadar iad féin ċum seirḃíse na naoṁ), go mbéiḋ siḃ uṁal d’á leiṫéidiḃ, 16agus do gaċ duine atá ag cóṁoibriú agus ag saoṫrú. 17Agus atá áṫas orm mar ġeall ar ṫeaċt Steafáin agus Fórtúnatuis agus Aċáicuis: óir do líonadara ar ḟag siḃ i n‐easnaṁ. 18Óir ṫugadar suaiṁneas spioraid daṁ‐sa agus daoiḃ‐se: bíoḋ meas agaiḃ ar a leiṫéidiḃ‐sean d’á ḃriġ sin.
19Beannuiġeann eaglaisí na hÁise ḋaoiḃ. Beannuiġeann Acuila agus Prisca go croiḋeaṁail daoiḃ san Tiġearna, i n‐éinḟeaċt leis an eaglais atá ’n‐a dtiġ. 20Beannuiġeann na bráiṫre go léir daoiḃ. Beannuiġiḋ‐se d’á ċéile le póig naoṁṫa.
21Mo ḃeannaċt uaim‐se Pól lem’ láiṁ féin. 22Cibé duine naċ ngráḋuiġeann an Tiġearna, bíoḋ sé anátema. 23Maran ata. Go raiḃ gráḋ an Tiġearna Íosa Críost liḃ. 24Go raiḃ mo ġráḋ‐sa agaiḃ go léir i nÍosa Críost. Amén.
Currently Selected:
1 Chum na gCoirinnteach 16: JOYNTG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.