YouVersion Logo
Search Icon

1 Chum na gCoirinnteach 13

13
1Dá laḃrainn le teangṫaċaiḃ daoine agus aingeal, gan gráḋ ḃeiṫ agam, ní ḟuilim aċt mar ḃéaḋ prás ag fuaimniú, nó ciombal ag cluigíneaċt. 2Agus dá mbéaḋ buaiḋ na fáiḋeadóireaċta agam, agus dá dtuiginn gaċ rúindiaṁair agus gaċ eolas, agus dá mbéaḋ gaċ creideaṁ agam ar ṁoḋ go ḃféadfainn sléiḃte d’aistriú, agus mé ḃeiṫ gan gráḋ, atáim gan éifeaċt. 3Agus dá mbronnainn mo ṁaoin ṡaoġalta ċum na boiċt do ċoṫú, agus dá dtaḃarainn mo ċorp d’á loscaḋ, gan gráḋ ḃeiṫ agam, ní ḟuil tairḃe dá laiġead agam d’á ḃárr. 4Atá an gráḋ foiġdeaċ, deaġċroiḋṫeaċ; ní ġlacann sé formad; ní ḋéanann an gráḋ maoiḋṁeaċas ná baoṫġlór; 5ní ḋéanann sé mí‐ġreann, ní loirgeann sé a leas féin, ní ḟuil sé so‐ḃrostuiġṫe ċum feirge, 6ní ġlacann sé droċ‐aṁras, ní ḋéanann sé gáirdeaċas mar ġeall ar an éagcóir, aċt ġníonn sé gáirdeaċas fá’n ḃfírinne; 7foiḋniġeann sé le gaċ niḋ, creideann sé an uile niḋ, cuireann sé muiniġin as gaċ uile niḋ, fulaingeann sé an uile niḋ. 8Ní ċliseann ar an ngráḋ am ar biṫ: aċt má tá tarngairí ann, tiocfaiḋ siad ċum críċe; má tá teangṫaċa ann, curfar deireaḋ leo; má tá eolas ann, raċaiḋ sé ar ceal. 9Óir ní ḟuil aċt eolas neaṁ‐ċruinn againn, agus is fáiḋeadóireaċt neaṁ‐ċruinn do‐ġnímíd: 10aċt nuair ṫiocfas foirḃṫeaċt i gcríċ, curfar deireaḋ leis an niḋ atá neaṁ‐iomlán. 11Nuair do ḃíos im’ leanḃ, do laḃras nós leinḃ, do ṫuigeas mar ṫuigfeaḋ leanḃ, is ciall leinḃ do ḃí agam: aċt ar mbeiṫ im’ ḟear dom, do ḃíos réiḋ le neiṫiḃ leanḃaiḋe. 12Óir ċímíd anois mar ḃéaḋ go doiléir i scaṫán; aċt ċífimíd éadan a ċéile an t‐am sin: anois atá aiṫne neaṁ‐ċruinn againn, aċt aiṫneoċad an t‐am sin fá mar aiṫniġtear mé féin. 13Anois fanann na trí neiṫe seo, an creideaṁ, an dóċas agus an gráḋ: aċt an niḋ is mó díoḃ is é an gráḋ é.

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in