1 Chum na gCoirinnteach 12
12
1Anois is dtaoḃ tíoḋlaicṫe spioradálta, a ḃráiṫre, níorḃ áil liom siḃ ḃeiṫ gan eolas. 2Is eol daoiḃ an tráṫ ’n‐a raḃaḃar ’n‐ḃur bpágánaċaiḃ, gur cuireaḋ siḃ amuġa ar lorg na h‐íoḋal mbalḃ, do réir mar treoruiġeaḋ siḃ. 3D’á ḃriġ sin do‐ḃeirim le tuigsin daoiḃ naċ n‐abrann aon duine, Atá Íosa malluiġṫe, agus é ag laḃairt le Spiorad Dé; agus naċ ḃféadann aon duine, Is é Íosa an Tiġearna, a ráḋ, aċt tríd an Spiorad Naoṁ.
4Anois atá tíoḋlaicṫe éagsaṁla ann, aċt ní ḟuil aċt aon Spiorad aṁáin ann. 5Agus atá miniostrálaċta éagsaṁla ann, aċt ní ḟuil aċt aon Tiġearna aṁáin ann. 6Agus atá oibreaċa éagsaṁla ann, aċt ní ḟuil ann aċt an t‐aon Dia aṁáin do‐ġní an uile niḋ san uile ḋuine. 7Aċt tugtar foillsiú an Spioraid do gaċ duine ċum tairḃe i gcoitċinne. 8Óir tugtar briaṫar na h‐eagna tríd an Spiorad do ḋuine aṁáin; agus tugtar briaṫar an eolais do ḋuine eile tríd an Spiorad céadna: 9do ḋuine eile creideaṁ tríd an Spiorad céadna; do ḋuine eile buaiḋ an leiġis tríd an Spiorad céadna; 10do ḋuine eile buaiḋ na míorḃal, do ḋuine eile fáiḋeadóireaċt, do ḋuine eile buaiḋ na spiorad do ḃreaṫnú; do ḋuine eile teangṫaċa éagsaṁla; do ḋuine eile buaiḋ na dteangṫaċ do ṁíniú; 11aċt is é an t‐aon Spiorad aṁáin do‐ġní na neiṫe sin uile, g‐á roinnt ar gaċ duine do réir mar is toil leis féin é.
12Óir, fá mar is aon niḋ aṁáin an corp, agus a lán ball ann, agus, giḋ go ḃfuil a lán ball ann, naċ ḃfuil ionnta aċt aon ċorp aṁáin; mar sin do Ċríost é. 13Óir i n‐aon Spiorad aṁáin is eaḋ do baisteaḋ sinn ċum aon ċorp aṁáin do ḋéanaṁ, is cuma cia aca lúdaiġ nó Gréagaiġ sinn, nó cia aca daor nó saor dúinn; agus gur ólamar uile de’n aon Spiorad aṁáin. 14Óir ní h‐aon ḃall aṁáin, aċt mórán atá san ċorp. 15Dá n‐abraḋ an ċos, De ḃriġ naċ mise an láṁ, ní cuid de’n ċorp mé; ara ṡon sin an é naċ ball de’n ċorp í? 16Agus dá n‐abraḋ an ċluas, De ḃriġ naċ mise an tsúil, naċ cuid de’n ċorp í ar a ṡon sin? 17Dá mba súil an corp uile, cá mbéaḋ an éisteaċt? Dá mba naċ raiḃ san gcorp uile aċt éisteaċt, cá mbéaḋ an ḃolaṫaiḋeaċt? 18Aċt is aṁlaiḋ do ċuir Dia na baill san gcorp, gaċ ball díoḃ do réir a ṫola féin. 19Dá mb’ aṁlaiḋ naċ raiḃ ionnta aċ aon ḃall aṁáin, cá mbéaḋ an corp? 20Aċt is aṁlaiḋ atá a lán ball ann gan aċt aon ċorp aṁáin ḃeiṫ ann. 21Agus ní féidir leis an súil a ráḋ leis an láiṁ, Ní ḟuil feiḋm agam leat‐sa; ná leis an gceann a ráḋ leis na cosaiḃ, Ní ḟuil feiḋm agam liḃ‐se. 22Ní h‐eaḋ, aċt na baill de’n ċorp is laige, do réir, deallraiṁ, 23is iad is riaċtanaiġe: agus na baill de’n ċorp is luġa onóir, do réir ár dtuairime, is iad is mó go dtugaimíd onóir dóiḃ; agus na baill againn is luġa maise, is iad is mó ḃíos d’á maiseaḋ againn, 24aċt ní ṫeastuiġeann sin ó na ballaiḃ is maiseaṁla. Aċt is é Dia do ċóiṁċeangail an corp le ċéile, ag taḃairt na h‐onóra is mó do’n ḃall sin go ḃfuil gáḃaḋ aige léi, 25ċum naċ mbéaḋ aon deaġailt san gcorp, aċt go dtiuḃraḋ na baill aon ċúram aṁáin d’á ċéile. 26Agus má ḟulaingeann ball ar biṫ, fulaingeann gaċ aon ḃall eile i n‐éinḟeaċt leis; nó má tugtar onóir do ḃall ar biṫ, bíonn bród ar gaċ ball eile i n‐éinḟeaċt leis. 27Anois is siḃ‐se corp Ċríost, agus gaċ duine ’n‐a ḃall ar leiṫ. 28Agus do ċeap Dia daoine san eaglais, abstail ar dtús, san dara h‐áit fáiḋí, san treas áit luċt teagaisc, luċt déanta míorḃal annsin, buaiḋ an leiġis ’n‐a ḋiaiḋ sin, buaiḋ na caḃraċ, buaiḋ an riarṫa, buaiḋ na dteangṫaċ. 29An abstail iad uile? An faiḋí iad uile? 30An oidí iad uile? An ḃfuil buaiḋ an leiġis aca uile? An laḃrann siad uile as teangṫaċaiḃ? 31An ndéanann siad uile míniú? Aċt sanntuiġiḋ lé díoġrais na tíoḋlaicṫe is fearr. Agus anois noċtfad sliġe ḋaoiḃ atá níos fearr go mór.
Currently Selected:
1 Chum na gCoirinnteach 12: JOYNTG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.