1 Chum na gCoirinnteach 11
11
1Déanaiḋ aiṫris orm‐sa, mar ḋéanaim féin aiṫris ar Ċríost.
2Anois molaim siḃ de ḃriġ go mbíonn siḃ ag cuiṁneaṁ orm san uile niḋ, agus de ḃriġ go ḃfuil siḃ ag coiṁeád na ngnás fá mar ṫugas daoiḃ iad. 3Aċt is mian liom a ṫaḃairt le fios daoiḃ, gur ab é Críost ceann gaċ fir; agus gur ab é an fear ceann na mná, agus gur ab é Dia ceann Ċríost. 4Fear ar biṫ do‐ġní urnaiġe nó fáiḋeadóireaċt agus a ċeann clúduiġṫe, do‐ḃeir sé easonóir d’á ċeann. 5Aċt bean ar biṫ do‐ġní urnaiġe nó fáiḋeadóireaċt gan caille ar a ceann, do‐ḃeir sí easonóir d’á ceann: mar is ionann sin agus a ḃeiṫ bearrṫa ḋi. 6Óir muna mbíonn caille ar ċeann na mná, gearrtar a gruaig, aċt má’s nár do’n mnaoi a gruaig ḃeiṫ gearrṫa nó ḃeiṫ bearrṫa, cuireaḋ sí caille uirṫi féin. 7Óir níor ċóir do’n ḟear a ċeann do ċlúdú, de ḃriġ gur ab é íoṁáiġ agus glóir Dé é: aċt is í an ḃean glóir an ḟir. 8Óir ní ó’n mnaoi do rinneaḋ an fear; aċt is ó’n ḃfear do rinneaḋ an ḃean: 9óir ní ar son na mná do cruṫuiġeaḋ an fear; aċt an ḃean ar son an ḟir: 10ar an aḋḃar sin ba ċeart go mbéaḋ cóṁarṫa an uġdaráis ar a ceann, mar ġeall ar na h‐aingliḃ. 11Aċt ċeana, san Tiġearna, ní ḃíonn fear i n‐éagmais na mná, ná an ḃean i n‐éagmais an ḟir. 12Óir fá mar ṫáinig an ḃean ó’n ḃfear, ar an gcuma ċéadnais tríd an mnaoi atá an fear ann; 13aċt is ó Ḋia atá an uile niḋ ann. Breaṫnuiġiḋ eadraiḃ féin: an cuiḃe do ṁnaoi guiḋe ċum Dé gan caille ḃeiṫ ar a ceann? 14Naċ múineann an nádúir gur nár do’n ḟear gruaig ḟada ḃeiṫ air? 15Aċt má ḃíonn gruaig ḟada ar ṁnaoi, is í a glóir í; mar tugaḋ a gruaig mar ċlúdaċ di. 16Aċt má’s mian le h‐aon duine ḃeiṫ conspóideaċ, ní ḟuil a leiṫéid sin de ġnás againn, agus ní ḟuil ag eaglaisiḃ Dé.
17Ag taḃairt an ḟógra so ḋaoiḃ ní ṁolaim siḃ, mar ní fearr‐de siḃ ḃur dteaċt i gceann a ċéile, aċt is miste siḃ é. 18I dtosaċ scéil nuair ṫagas siḃ le ċéile san gcruinniú, is clos dom go mbíonn siosmaí eadraiḃ; agus creidim féin go ḃfuil cuid de’n ḟírinne ann. 19Óir ní féadfaiḋe gan siosmaí ḃeiṫ ’n‐ḃur measc, ċum go noċtfaiḋe iad‐san ’n‐ḃur measc atá fírinneaċ. 20Uime sin, nuair ċruinniġeas siḃ i gceann a ċéile, ní féidir suipéar an Tiġearna d’iṫe: 21óir ag iṫe ḋaoiḃ, is é a ṡuipéar féin ċaiṫeas gaċ duine ar dtús; agus bíonn ocras ar ḋuine agaiḃ agus bíonn duine eile ar meisce. 22An aṁlaiḋ naċ ḃfuil tiġṫe agaiḃ ċum ḃeiṫ ag iṫe agus ag ól ionnta? nó an aṁlaiḋ atá droċ‐ṁeas agaiḃ ar eaglais Dé, go náiriġeann siḃ iad‐san atá gan éinniḋ? Créad adéarfas mé liḃ? an aṁlaiḋ ṁolfas mé siḃ? ní ṁolaim san gcás so siḃ. 23Óir is ó’n Tiġearna fuaras an méid do ṁúineas daoiḃ, gur ġlac an Tiġearna Íosa an t‐arán, an oiḋċe ’n‐ar braiṫeaḋ é; 24agus tar a éis dó buiḋeaċas do ṫaḃairt, gur ḃris sé é, agus go nduḃairt, Is é seo mo ċorp, atá d’á ḃriseaḋ ar ḃur son‐sa: déanaiḋ é seo mar ċuiṁneaṁ orm‐sa. 25Agus an cupán mar an gcéadna, tar éis an tsuipéir, g‐á ráḋ, Is é an cupán so an tiomna nua im’ ḟuil‐se: déanaiḋ é seo, a ṁiniciġe ólas siḃ é, mar ċuiṁneaṁ orm‐sa. 26Óir a ṁiniciġe iṫeas siḃ an t‐arán nó ólas siḃ an cupán so, is ag foillsiú báis an Tiġearna atá siḃ, nó go ḃfilliḋ sé. 27D’á ḃriġ sin, cibé duine iṫeas arán nó ólas cupán an Tiġearna go neaṁ‐ċuḃaiḋ, béiḋ sé cionntaċ i gcorp agus i ḃfuil an Tiġearna. 28Scrúduiġeaḋ duine é féin, agus iṫeaḋ sé an t‐arán agus ólaḋ sé an cupán d’á réir sin. 29Óir an té iṫeas agus ólas, muna ḃfeictear dó an corp, is ċum breiṫeaṁnais air féin iṫeas agus ólas sé. 30Is ar an aḋḃar sin atá a lán tinn, lag ’n‐ḃur measc, agus atá mórán marḃ. 31Aċt dá dtugaimís breiṫeaṁnas mar ba ċeart orainn féin, ní tiuḃarṫaí breiṫeaṁnas orainn. 32Aċt nuair ḃeireas an Tiġearna breiṫeaṁnas orainn, bímíd d’ár smaċtú ċum naċ ndaorṫar sinn i n‐éinḟeaċt leis an saoġal. 33Uime sin, a ḃráiṫre, ag teaċt i gcionn a ċéile ḋaoiḃ ċum biḋ, fanaiḋ le ċéile. Má ḃíonn ocras ar ḋuine ar biṫ, 34iṫeaḋ sé san mbaile; ar ṁoḋ naċ ċum breiṫeaṁnais ḃéas ḃur gcruinniú le ċéile. Agus i dtaoḃ na neiṫe eile, socróċad iad nuair ṫiocfad.
Currently Selected:
1 Chum na gCoirinnteach 11: JOYNTG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.