1 Chum na gCoirinnteach 10
10
1A ḃráiṫre, níorḃ áil liom naċ mbéaḋ a ḟios agaiḃ go raiḃ ár sinnsir go léir fá’n scamall, agus gur imṫiġeadar uile tríd an muir, 2agus gur baisteaḋ iad uile i Maois san néall agus san muir; 3agus gur iṫeadar an t‐aon ḃiaḋ spioradálta aṁáin, 4águs gur óladar ó’n gCarraig spioradálta do lean iad; agus dob í an Ċarraig sin Críost. 5Aċt ní raiḃ Dia sásta leis an gcuid ba ṁó díoḃ; mar treascaraḋ iad san ḃfásaċ.
6Anois ins na neiṫiḃ sin do ḃíodar mar ṡamplaí ḋúinne, ċum naċ mbéaḋ ró‐ḋúil i ndroc‐neiṫiḃ againn, fá mar ḃí aca‐san. 7Ná biḋiḋ‐sé ’n‐ḃur n‐íoḋal‐aḋraṫóiriḃ, mar ḃí cuid aca‐siúd; mar atá scríoḃṫa, Do ṡuiḋ an pobal síos ċum ḃeiṫ ag iṫe agus ag ól, agus d’éiriġeadar ’n‐a seasaṁ ċum ḃeiṫ ag súgraḋ. 8Agus ná déanaimís striapaċas mar rinne cuid aca, gur ṫuit trí míle fiċead duine i ló aṁáin. 9Agus ná déanaimís froṁaḋ ar an Tiġearna, mar rinne cuid aca, gur scrios na naṫraċa iad. 10Agus ná déanaiḋ gearán, mar rinne cuid aca, gur ṁill an scriosadóir iad. 11Ṫárla na neiṫe úd ḋóiḃ mar ṡamplaí, agus tá siad scríoḃṫa ċum raḃaḋ do ṫaḃairt dúinne, go ḃfuil deireaḋ an tsaoġail tagṫa orainn. 12Uime sin, an té ṁeasas ḃeiṫ ’n‐a ṡeasaṁ, taḃraḋ sé aire ar eagla go dtuitfeaḋ sé. 13Ní ṫáinig aon ċaṫú oraiḃ naċ ḃfuil ar ċumas an duine a iomċar: aċt Dia atá díleas, ní ċeadóċaiḋ sé caṫú ṫar ḃur gcumas do ċur oraiḃ; aċt do‐ḃearfaiḋ sé sliġe éaluiġṫe i n‐éinḟeaċt leis an gcaṫú, ċum go ḃféadaiḋ siḃ a iomċar.
14D’á ḃriġ sin, a ḃráiṫre ionṁaine, seaċnaiḋ íoḋal‐aḋraḋ. 15Laḃraim mar laḃarfainn le daoiniḃ tuigseanaċa; beiriḋ breiṫ ar a n‐abraim. 16Cupán na mbeannaċt ḃeannuiġmíd, naċ é comaoin fola Ċríost é? An ḃollóg aráin ḃrisimíd, naċ é comaoin cuirp Ċríost é? 17Ó ṫárla aon ḃollóg aṁáin ḃeiṫ ann, giḋ go ḃfuil a lán dínn ann, is aon ċorp aṁáin sinn; mar ġlacaimíd uile de’n aon ḃollóig aṁáin. 18Breaṫnuiġiḋ clann Israeil do réir na feola: na daoine iṫeas na h‐íoḋbarṫa, naċ ḃfuilid cóṁṗáirteaċ san altóir? 19Créad adéarfas mé mar sin? Gur éinniḋ an niḋ íoḋbartar d’íoḋal, nó gur aon rud íoḋal? 20Is é rud adeirim, na neiṫe íoḋbaras na Cineaḋaċa, gur do ḋeaṁnaiḃ íoḋbaras siad iad, agus naċ do Ḋia é: agus níorḃ áil liom go mbéaḋ cumann agaiḃ le deaṁnaiḃ. 21Ní féidir liḃ cupán an Tiġearna agus cupán na ndeaṁan d’ól: ní féidir liḃ cóṁroinn búird an Tiġearna agus cóṁroinn búird na ndeaṁan do ḋéanaṁ. 22Nó an ḃfuilmíd ag brostú an Tiġearna ċum éada, an treise sinne ’ná eisean?
23Atá gaċ niḋ dlisteanaċ; aċt ní ḟuil gaċ niḋ tairḃeaċ. Atá gaċ niḋ dlisteanaċ; aċt ní ḟuil gaċ niḋ fóġantaċ. 24Nár ab é a leas féin loirgfeas duine ar biṫ, aċt gur ab é leas na cóṁarsan loirgfeas gaċ aoinneaċ. 25Iṫiḋ gaċ a ndíoltar ar an margaḋ, gan aon ċeist ḃeiṫ oraiḃ fá ċoinsias. 26Óir is leis an Tiġearna an talaṁ agus gaċ a ḃfuil ann. 27Má ḃeir duine dí‐ċreidṁeaċ cuireaḋ ċum fleiḋe ḋaoiḃ, agus go mb’ áil liḃ dul, iṫiḋ a gcurtar róṁaiḃ, gan ceist ḃeiṫ oraiḃ fá ċoinsias. 28Aċt má deir aon duine liḃ, Do h‐íoḋbaraḋ é seo d’íoḋalaiḃ, ná h‐iṫiḋ é, ar son an té d’innis daoiḃ é, 29agus ar son coinsiais; ní h‐é do coinsias féin é, aċt coinsias an duine eile; óir cad ċuige a mbeirtear breiṫ ar mo ṡaoirse do réir coinsiais duine eile? 30Óir má’s le buiḋeaċas iṫim, cad ċuige a ḃfaiġtear loċt orm mar ġeall ar rud go dtugaim buiḋeaċas ’n‐a ṫaoḃ? 31Uime sin, má’s ag iṫe nó ag ól daoiḃ, nó cibé niḋ do‐ġní siḃ, déanaiḋ an uile niḋ ċum glóire Dé. 32Ná taḃraiḋ aḋḃar scannail do lúdaċaiḃ ná do Ġréagaċaiḃ, ná d’eaglais Dé 33fá mar iarraim‐se sásaṁ do ṫaḃairt do gaċ duine ins an uile niḋ, gan cuiṁneaṁ ar mo ṫairḃe féin, aċt ar ṫairḃe farasbáirr na ndaoine, ċum go slánóċar iad.
Currently Selected:
1 Chum na gCoirinnteach 10: JOYNTG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.