YouVersion Logo
Search Icon

Psalm 95

95
XCV Psalm.
1O tigíḋe, a’s déanam do Ḋia,
Luaṫġáire ṁór le gráḋ;
Do carraic ár slánuiġṫe fós,
Déanúiġ fuaim ġáirdeaċ tráṫ.
2Do láiṫir’ áiġṫe tagamáois,
Le búiḋ’ċas buan gaċ ló;
A’s le psalmuiḃ go luaṫġáireaċ,
Déanamáois fuaim gan ġó.
3Is Dia mór Iehoḃah tréun,
Ríġ mór ós cion gaċ Dée;
4Doiṁneaċt na talṁan ta ’na láiṁ,
’S na ċóṁaċtaiḃ áird na sl’é.
5Se rin an ṁuir ta fairsiong mór,
Ta ceart ag’ ann a’s sealḃ;
’San talaṁ tiriṁ le na láim,
Ċruiṫiġ se a’s do ḋealḃ.
6Tagaiḋ, a’s aḋraḋ déanamáois,
A’s déantar cláonaḋ linn;
As có’ir an Ti’arna ar gcruiṫ’eóir,
Ár nglúine fille sinn.
7Óir eision ár nDia go dearḃ fíor,
’Sas sinne ’ṗobal féin;
A’s cáoiriġ a láṁ: ma eisdear liḃ,
A níuġ a ġuṫ gan ċláon.
8Na cruaiḋíġe ḃúr gcróiḋe anois,
Mar ag Merribah tráṫ;
Aṁuil rinn Ṁassah iona ló,
San ḃfásaċ gan éan ġáḋ.
9Tráṫ d’fionn a’s ḋearḃ ḃur naiṫre mé,
’S m’oibreaċa ċonnairc síad;
10Air feaḋ ḋá ḟiṫċiod bliaġan fós,
Do buaiḋreaḋ me le tréud.
Agus a dúḃras ta siad air fad,
’Na bpobal seaċránaċ;
Agus mo ṡlíġṫe níor ġaiḃ síad,
Le heólus fírinneaċ.
11Dár ṫug me féin mo ṁóide mór,
A’m’ḟeirg ná raċadís;
A steaċ dom ionad suáiṁneasaċ,
Tríḋ ċláon agus ċaláois.

Currently Selected:

Psalm 95: PSA1836G

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

Video for Psalm 95