Psalm 94
94
XCIV Psalm.
1A Ṫi’arna Dia, is ḋuit is dual,
Dioġaltas ceart le tréun;
Ó a Ḋé, dár dual dioġaltas,
Deallraiḋ amaċ ṫu féin.
2A ḃreiṫioṁ ceart na talṁan, déan,
Ṫu féin a ṫógḃáil suas;
A’s íoc le luċt an uaiḃreaċuis,
A luaiġeaċt a’s a nduais.
3Ca fad a ġníḋ luċt aingiḋeaċt?
Ca fad a Ḋia do ní?
Luċt aingiḋeaċt úrġáirdeaċas,
Le háoiḃneas mór gan díṫ?
4Ca fad a luaiḋtear briaṫra leo,
A tráċt air neiṫiḃ cruaiḋ;
A mbeiṫ siad a síorċaint, an ṁéid,
Oibríġ’s éigċeart go truaḋ?
5A Ṫiġearna do ḋáoíne brúiġ’d,
’S d’oiġreaċt cráiḋead go géar;
6Baintrea’ċ, coigríoċ a’s dílleaċtúiġe,
Marḃuid ’s níḋ feall go dáor.
7Deir siad, giḋeaḋ, ni léir do Ḋia,
A’s fós ni mo a ġní;
Dia Iácob súd a ṫ’uirt fá ndear,
Na ṫuigsin iona ṡlíġe.
8A ḋáoine brúid’úil ’measg an tslóíġ,
’Nois tuigiḋe agaiḃ féin;
’Sa ḋáoine leaṁa, cá fada,
Ḃeis siḃ gan ċiall a gcéin?
9An té do ċuir ’na suiḋe an ċluas,
Náċ gcluinfiġ se go géur?
An te ḋealḃ an tsúil leis maráon,
’Ne náċ do féin is léir?
10An te smaċtuiġios na cineaḋċa,
An éaḋ na gcrónfáḋ sé;
An té ḃeir eolus do gaċ neaċ,
[An neaċ gan eolus é].
11Air smuaintiḃ ḋáoine ’s feasaċ Dia,
Gur dioṁáoin iad go beaċd;
12’S beannuiġ’ an neaċ smaċtuiġear leat,
A’s a ṁuineas tu a’d reaċt.
13Ċum suaiṁneas buan a ṫaḃairt do,
A laeṫiḃ aṁgair uilc,
No go dtoċaltar don ċiontaċ,
Poll go doṁain dá smuilc.
14Óir ni ṫeilgfiġ Dia uaiḋe fós,
A ḋáoine dá dtug gráḋ;
A’s mar an gcéadn’ ni ṫréigfiġ sé,
An oiġreaċt ṫa ’na láṁ’.
15Aċt fillfiġ breiṫeaṁnas arís,
Ċum fíréantaċt air ais;
’As biaḋ luċd an ċroiḋe ionracuiġ,
Da leanṁúin súd gan snas.
16A naġaiḋ fós luċt déanta uilc,
Cia éireó’s liom a náird;
’Naġaiḋ luċt oibriġṫe an ċláon,
Cia ṡeasas air mo ṗáirt.
17Muna ḃeiṫ go raiḃ Iehóḃah liom,
Dom ċuidiuġaḋ le buaḋ;
’S beag naċ bíaḋ m’anam boċd dearḃóil,
Go ciúin ’na luiġe ’sa nuaiġ.
18An tráṫ dúḃras a tá mo ċós,
Ag sleaṁnúġ’ uaimse siós;
Do ṫrócair’ cáoṁ ċoiṁead me suas,
A Ṫi’arna mór na náois.
19Air mbeiṫ dom smáointe iomarcaċ,
A’s líonṁar ann mo ċúm;
Do ċóṁ‐ḟurṫaċd‐sa ṫug an sin,
Solás do m’anam trom.
20An mbéiḋ cumann ag caṫáoir uilc,
Riotsa ċoiḋċe a mbríġ;
Noċ ċumas eigceart go hanṁór,
D’aċtúġaġ le dlíġeaḋ.
21A naġaiḋ anma an duine ċóir,
Cóiṁċeanglaid féin le ċéil;
Fuil neiṁċiontaċ, damnuiġid sin,
Le cóṁraḋ cláon a mbéil.
22Aċ Dia mo ċuṁdaċ a’s mo Ṫriaṫ,
Mo ċarruic dí’on gaċ ló;
23Se ḋíolas orra súd air ais,
Gaċ éagcóir rinneaḋ leó.
A ngearraḋ siós do níṫear leis,
Go ceart na naingiḋeaċt féin;
A’s ġní an Ti’arna mór air nDia,
A sgrios amaċ go tréun.
Currently Selected:
Psalm 94: PSA1836G
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836.