YouVersion Logo
Search Icon

Psalm 96

96
XCVI Psalm.
1Cánuiġ don Tiġearna cántic nuaḋ,
Gaċ áon tír cánuiġ ḋó;
2Cánuiġ do Ḋia, ’s’ainm beannuiġiḋ,
Noċtaiġ a ṡláint’ gaċ ló.
3A measg na ngeinte aineólgaċ,
Innsiġiḋ fós a ġlóir;
A measg na bpoibleaċa ínnsiḋe,
A ionganta go léor.
4Óir ’smór Iehoḃah Dia na ḃfeart,
’Sionṁolta ’feaḋ gaċ ré;
Is aḋḃar eagla é mar áon,
Ós cionn na nuile Ḋée.
5Oir uile Ḋée na gcinneaḋċa,
Is ioḋail iad go léir;
Aċt sé’n Tiġearna cruiṫíġṫeóir,
Na ḃflaiṫios a’s na sféir.
6Árd‐onóir agus daṫaṁlaċd,
’Na laṫair sin atá;
Tréun‐neart agus scéiṁ buan‐ḃláḋaċ,
’Na ṡanctóir tá do ġnáṫ.
7O ċinéal na bpoibleaċ tugaiġ,
Don Ti’arna mór a ḃfeart;
Tugáiġ ḋo san fós mar an gcéadn’,
Glóir, urraim, agus neart.
8An ġlóir tugaiḋ don Ti’arna Dia,
A’s ḋá ainm mar is dual;
Tagaiġ a steaċ na ċúirtiḃ grinn,
Le tioḋlacaḋ gan uaill.
9Don Tíġearna a scéiṁ’ náoṁaċḋa,
Aḋraiġ le gráḋ fáoí ċéil;
Bíoḋ eagla oruiḃ gaċ uile ṫír,
As a ċó’ir le haiṫṁéal.
10Air measg na ngeinte abarúiḋ,
An Ti’arna ’na río’ct tá;
Daingneoċar buan an doṁ’n go léir:
Ceirt‐ḃreiṫ ġníḋ ḋóiḃ go bráṫ
11Ḃiḋ gáirdeaċas air na flaṫios árd,
A’s áoiḃneas air gaċ tír;
Beiceaḋ an ṁuir go tormánaċ,
’Sa ḃfuil innti do ṡiór.
12Le luaṫġáire língioḋ fós,
An maiġ ’sgaċ niḋ ta ann;
Annsoin biaḋ áoíḃneas air gaċ coill,
A’s air gaċ cráoḃ a’s crann.
13A láṫair Dé oir ta sé teaċt,
Ċum breiṫeaṁnuis go Deó;
Air talaṁ ċum go ndeanfuiḋ leis,
Ceart‐ḃreiṫeaṁnus gan ġó.
Le fíréuntaċt do ḃeir se ’maċ,
Breiṫ air an sáo’l go léir;
A’s air a ṗobal breiṫeaṁnus,
Le fírinn fíorġlan sáor.

Currently Selected:

Psalm 96: PSA1836G

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

Video for Psalm 96