Psalm 93
93
XCIII Psalm.
1Tá’n Ti’arna mór a ríoġaċd ġlé,
Le mórḋaileaċd gaċ am,
Air na éadúġaḋ fos le neart,
A’s criosluiġṫe go teann.
Do ṡocruiġ leis an talaṁ go léir,
Go náċ gcorróiġfíḋ é;
2Do ċaṫáoir ríoġa ta o ċian,
’S tu féin táir rioṁ gaċ ré.
3A Ṫiġearna na tuilte ṫóg,
Do ṫog na tuillte a nguṫ;
Tógfaid na tuilte suas go hárd,
A dtonna mór go tiuġ.
4Os cionn ġoṫa na nuisgeaḋ mór,
Uaḃásaċ ata tú;
Os cionn fuaim na mara go hárd,
A tá’n Ti’arna a gclú.
5A táid ṫ’fiaḋnuiseaḋ ro ḋearḃṫa,
Buan daingion agus fíor;
Is dod’ ṫíġ is iomċuḃaiḋ fos,
Náoṁaċt a Ḋé do ṡiór.
Currently Selected:
Psalm 93: PSA1836G
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836.