Psalm 92
92
XCII Psalm.
1Ḃeiṫ ag taḃairt búiḋeaċais do Ḋia,
Is maiseaċ maiṫ an níḋ;
A’s psailm a ċánaḋ fós dod’ ainm,
Do ṡiór ós cionn gaċ Rí.
2D’foillsiúġaḋ do ṫrócaire ċeart,
Air maidin gaċ aon laé;
Agus ṫ’fírinne san oiḋċe fós,
Leis a ndrong d’ár b’ait é.
3Air aḋḃa ċiúil na deiċ dtéud,
A’s air an tsaltair ġrinn;
’S air ċláirsiġ re guṫ fonnṁar árd,
A ṡeinneas ceol go binn.
4Óir le do ġníoṁasa, a Ḋé,
Luaṫġáireaċ rinnis mé;
A’s a noibreaċa fós do láṁ,
Gniḋim meanmuin gaċ ré.
5Cread e méad ṫ’oibreaċa, a Ḋe,
Do smuaint’ mar ḋúiḃ’gán ’táid;
6Duine brúideaṁuil ni ṫuig’ so,
No an tóinṁid gan áird.
7A nuair ḟásaid na cionntaiḋ luaṫ,
A níos go tíuḃ mar ḟéur;
Tráṫ ḃí’os fós luċt déanta uilc,
Ag fás faoi ḃláṫ go léir.
Se suid is deireaḋ ḋóiḃ fa ḋéoiġ,
Go sgriostar iad do ṡiór;
8Aċ ṫusa ata go bráṫ a Ḋé,
Árd‐urramaċ a’s fíor.
9Óir féuċ do naiṁde féin a Ḋé,
Óir féuċ do naiṁde ġéir;
Meiṫfiḋ siad, a’s spréiḋfior fós,
Na dáoine olc go léir.
10Aċ m’aḋarcsa árdóċar suas,
Mar únicorn gan spás;
Le hola ġlóin neaṁṫruailliġ úr,
Úngfair me led’ ġrás.
11Air m’eascáirdiḃ do ċí mo ṡúil,
Mo ṁian, ’scluinfiḋ mo ċluas’;
Mo ṫoil air luċt na haingíḋe,
A’m’ aġaiḋ éirġios suas.
12Bláiṫfiġ an fíréun buacaċ breaġ,
Mar ċrann ṗailme glas;
Mar ċéadar árd air Lebannon,
Fásfuiġ go díreaċ bras.
13Ann luċt a ċuirṫear a steaċ fós,
A dtiġ an Ti’arna Dé;
A gcúirtiḃ greaḋnaċ árd ár nDia,
Sior‐ḃláiṫfiġ siad gaċ ré.
14San am na mbí’ siad áosṁar liaṫ,
Ḃeir siad toraḋ amaċ;
A’s bíḋ siad sultṁar le deaġ‐ṁeas,
Agus úr méiṫ gaċ neaċ.
15’Dfoillsiúġaḋ go ḃfuil mo Ṫi’arna,
Mo ċairraic láidir ċeart;
Agus ná ḃfuil éigceart air biṫ,
San táon sin mór a ḃfeart.
Currently Selected:
Psalm 92: PSA1836G
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836.