YouVersion Logo
Search Icon

Psalm 91

91
XCI Psalm.
1An te sin aitiġios gaċ uair,
A nionad uaigneaċ Dé;
Fuiḋ sgáile ’nuile ċuṁaċtuiġ,
Buan‐ċóṁnuiḋe ġníḋ gaċ re.
2Deirimse anois a dtímċioll Dé,
Mo ṫearmon é ’s mo neart;
Mo ḋaingion cuiread dóċas ann,
Mo Ḋia se Dia na bḟeart.
3Go dearḃṫa ó líon a nfiaġaiḋ,
Do ġníḋ se fuasglaḋ ort;
A’s ġníḋ do ṡaoraḋ mar an ccéadn’
O ṗláiġ a’s ġalar olc.
4Lén’ eite ġníḋ se d’folaċ fós,
Do ḋóiġ bíon fá na scéiṫ;
A’s ’ḟírinn biaiḋ na luiḃne ḋuit,
Mar sgiaṫ dod’ ḋí’on gaċ re.
5Ni ḃeiṫ faitċios ort fá ċuís,
A nuaṫḃáis an sa noiḋċ’;
Na fós fa ċúis na soiġde ḃios,
A rioṫ air feaḋ an laoi.
6Ni ḃeiṫ faitċíos ort fán bplaiġ,
’Tá ’tríall a norċadas;
Na fós fá ċuis a nuilc a ḃíos,
A meaḋon lae re sgrios.
7Biaiḋ míle tuitim ré do ṫaoḃ,
Deiċ míle fós red ḋeis;
Aċ olc ḋioḃ soin ni ṫiġ a’d’ ċóir,
Ná ḃfogus duit le sgrios.
8Aṁáin led’ súiliḃ feicfiḋ tu,
A’s t’úir fá ndear go ceart;
Droċ‐ḋuais is tuarasdal na ndaoiḋ,
Go cinte ċiġfear leat.
9Óir do’n Tiġearna Dia na ngrás,
Mo ḋaingion‐sa gaċ am;
D’árus cóṁnuiġṫe rinn tú ḋe,
An te is áirde ann.
10Olc na easláinte ni ḃainfiḋ riot,
’S ni ṫiocfaiġ ’ngar dod’ ṫíġ;
11Air ’ainglioḃ d’ualaċ cuirfe sé,
Dod’ ċoiṁéad ionna ṡlíġe.
12A’s tógfaḋ siadsan ṫusa suas,
Go hárd air ḃarr a mbos;
D’eagla go mbuailfeaḋ air ċloiċ,
Ean uair air biṫ do ċos.
13Air an léo’n ’sair an mbasilisc,
Do ḋéantar saltairt leat;
Sailteórair air a ndragun dian,
’S air an le’on óg led’ neart.
14Do ḃríġ go ḃfuil gráḋ aige ḋam,
Saora ḋeanfáḋ me ḋó;
Do ḃriġ go raiḃ fios m’ainme ’ge,
Ardóċad é gaċ ló.
15Goirfíḋ se orm a’s cluinfead é,
’Na ḃuaireaḋ ’stáimse ’ge;
Sáoirse a’s glóire ḃéarfad ḋo,
Le mór‐ḟuasglaḋ gan ċleiṫ.
16Le sáoġal fada a’s marṫanaċ,
Sáiseóċad e go mór;
Mo ṡlánúġaḋ do mar‐an‐gcéadn’,
Foillseóċaiġ me go leór.

Currently Selected:

Psalm 91: PSA1836G

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in