Psalm 90
90
XC Psalm.
1’S tu b’ionad cóṁnúiġ ḋuinn gaċ dín,
A Ṫiġearna na nglóir;
2Sul a gineaḋ na cnuic árd fós,
’S na sléiḃte beag na mór.
Sul ar dealḃaḋ leat an talaṁ trom,
Nó’n ċruinne ċé léd’ neart;
O ṡiórúiġeaċd go síorúiiġeaċt,
Is tusa Dia na ḃfeart.
3Go neaṁníḋ filltear leatsa fós,
An duine fann da sgrios;
Agus a deir tu fós filliḋe,
A ċlann Áḋaiṁ air ḃúr nais.
4Oir míle bliaġain a’d’ laiṫir féin,
Táid mar an lá a né;
Tráṫ ṫeid siad ṫort is aṁluiḋe fós,
Mar ḟáire ḃé a ngné.
5Beiriḋ tu leat iad mar le sruṫ,
Mar ċodlaḋ táid no suan;
Air maidin taid mar an bféur,
Go moċ ag eiriġ suas.
6Air maidin bláiṫfiġ se amaċ,
Agus claoċlóiḋ arís;
Am ṫráṫnóna críonfuiḋ go luaṫ,
Tarréis a ġearṫa siós.
7Óir meaṫamaoid an ṫ’feirg ṁóir,
’S a’d’ ḋíḃfeirg claóiḋte tur;
8Ar bpeacúiḋe diaṁar ’sár gcionta,
As cóir leis do ġnuis ’ċuir.
9Oir an do ḋíḃfeirg ár laeṫe,
Ċuaiḋ ṫorainne fá seaċ;
A’s caiṫmid ar mbliaġna air fad,
Mar sgéul do luaiḋfiḋ neaċ.
10Siad lae ár mbliaḋna mar an gceaḋn’,
Trí fiṫċid bliaḋan a’s deiċ;
’S má éirġion tre a ṫuille neirt,
Ċeiṫre fiṫċiod bli’an do neaċ.
Giḋeaḋ ni ḃfuil ’na spionnaḋ súd,
Aċ cráḋ a’s buaiḋreaḋ ġéar;
Oir gearṫar ’maċ go tapuiġ é,
A’s teiṫmíd‐ne go léir.
11Cia dá ḃfuil deaġ‐ṫuigse a’s fios,
Air neart do ċorruiġe ġéir?
Is aṁluiḋ fós mar d’eagla ṁóir,
Ta do ḋíḃḟeirg don réir.
12O teaguisg ḋuinn a Ḋé na ḃseart,
Ár laeṫe d’áireaṁ fós;
Do ċum ár gcroiḋe do ṡocarúġaḋ,
A naigníḋeaċd ’sa sóḋ’s.
13A Ṫiġearna Iehoḃah ṁóir,
Iompoiġ arís, cia fad?
A dtíomċioll stáid do ṡeírḃísiġe,
Gaiḃ aiṫreaċas go grad.
14Déan sinn a ṡásaṁ fós go moċ,
Led’ ṫrócaire ċaoiṁ a Ḋé;
Do ċum go mbeiṫmíd aoiḃneaċ ait,
Ar feaḋ ár lo ’s ár ré.
15Dean súḃaċ sinn do réir na lá,
D’ar ċráiḋ tu sinn go guirt;
Do réir na mbliaġan’ na raiḃ an tolc,
Ár raḋarc a’s sinn faói ḃuai’rt.
16Taisbéun dod ṡeirḃiseaċ do ġníoṁ,
Agus dá gclann do ġlóir;
17A’s bíoḋ maise ár dtiġearna Dia,
Ag deallraḋ or’n go mór.
Na gníoṁarṫa do rin ár láṁ’,
Súd socruiġ orrain go ceart;
Na ġníoṁarṫa do rinneaḋ linn,
D’aingníġṫear iadsan leat.
Currently Selected:
Psalm 90: PSA1836G
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836.