YouVersion Logo
Search Icon

Psalm 89

89
LXXXIX Psalm.
1Trócaire an Ti’arna cánfaḋ mé,
Go bráṫ lem’ ḃéul go binn;
Foillseóċaḋ me ṫ’fírinne ġlan,
Do gaċ ginealaċ ’s dínn.
2Óir duḃárt me féin cuirfí’r suas,
Trócaire ’s ceart go bráṫ;
Annsna flaiṫios ṫ’fírinne ċeart,
Daingneóċa tú do ġnáṫ.
3Connraḋ do rinneas féin go dearḃ,
Lé m’ ḋáoiniḃ toġṫa féin;
A’s ṁionuiġ me go fírineaċ,
Do Ḋáiḃí m’óglaċ séin.
4Daingneóċaḋ me do ṡlíoċd go bráṫ,
A’s do ċaṫaoir ríoġa fós;
Suiġeóċaḋ me go daingion teann,
O ḋín go dín le sóḋ’s.
5Molfuid na neaṁḋa árd go binn,
Do ṁíorḃúiliḋe a Ḋé;
A’s ṫ’fírinne a gcóṁṫionól,
Do ḋaoine naoṁṫa glé.
6Oir cia ansa spéir is féidir,
Do ċomóraḋ ris an dTríaṫ?
No oia ta ’measg na gcóṁaċtaċ,
Cosṁúil ris an árd‐ríġ?
7Is cóir eagla ḃeiṫ roiṁe Ḋia,
A gcóiṁṫionól na naoṁ;
Agus móḋ do ṫaḃairt do os cionn,
A ḃfuil na measg go caoṁ.
8O Ṫi’arna a’s a Ḋia na sluaġ,
Cía’n Triaṫ is cosṁúil leat,
A’s dod’ ḟírinne ro ġlé‐glan,
A’d’ ṫíomċiollsa go beaċt.
9Riaġluiḋe tu uaḃar ’nfárge ṁóir,
’S tu ċuireas iad fuiḋ reaċd;
Na tonna ard tráṫ eirġios siad,
Coisgion tu iad le smaċt.
10Mar ḋuine tolta dul do’n éug,
Do briseaḋ Ráhab leat;
Do naiṁde spréiḋ tú o ċéile fós,
Le tréin do láṁ’ ’s do neirt.
11Is leatsa a Ḋé na flaiṫeaṁnuis,
’S an talaṁ fo nár mbonn;
’S tu ḋaingniġ fós an ċruine ċé,
Le ’lánn do ṫoraḋ trom.
12An áird ṫuaiḋ agus ḋeas maraon,
Do ċruṫaiḋ iadsan leat;
Slíaḃ Ṫábor agus Hermon árd,
Ġníd luaṫġáire go hait.
13Ta Ri agad go neartṁar teann,
A’s do láṁ láidir tréun;
A Ḋé a tá do ḋeasláṁ fós,
Ro árd mar an gcéadn’.
14Mar áit suiġéaḋ dod’ ċaṫaoir ríoġ’,
Ta cóṫrom agus ceart;
Bíḋ trócaire ’gus fírinn fós,
Dul roiṁ do ġnúis go beaċt.
15’S beannuiġṫe an drong’ ṫuigeas fós,
An ḟúaim ṫa aoiḃin ait;
A solas glan do ġnuis’ a Ḋé,
Síor‐ġluasaiḋ siad go ceart.
16A t’ainmse biaiḋ siad ár feaḋ’n laé,
Go haoiḃin mar buḋ ċóir;
A’s an ṫ’fíréuntaċt‐sa maraon,
Árdóċar iad go mór.
17Óir ’s tusa maise ’s glóir a neirt,
Is tusa ’ṁáin a Ḋé;
Ár naḋarc an do caoiṁneas caoṁ,
Árdeóċar leat gaċ ré.
18Oir ’s ón dTiġearna Dia na ḃfeart,
Ár ndídean a’s ár sgiaṫ;
Se an taon ro naoṁṫa Isráel,
Ár Ríġ agus ár dTriaṫ.
19An‐soin a dtaiḃse laḃair tú,
Lé d’ naoṁ a Ḋé go ceart;
Duḃairt tu don tréun d’fuaisgil me,
’S an toġ’ d’árdui’s ó’n ḃfeaċt,
20Daiḃi an neaċ do fuaireaḋ leam,
Mo ṡeirḃíseaċ ro ċaoṁ;
Se sin an te do húngaḋ leam,
Go húr lem’ ola naoṁ’.
21A’s soicreóċar mo láṁ do ṡior,
Go dileas daingion léis;
Do ġníḋ mo riġ cúṁaċtaċ tréun,
A neartúġaḋ re treis.
22Náṁaid ni ḋéan fóiréiġion air,
Na mac an ċorbuiġ brón;
23’S na láiṫir eascáird’ claoifiḋ mé,
’S air luċt a ġrán beiṫ léon.
24Aċt beiṫ mo ṫrócaire maille ris,
A’s m’fírinn’ mar an gcéadn’,
Biaiḋ aḋarc sin a’m’ ainmsi fós,
Arduiġṫe go han‐tréun.
25A láṁ‐san cuirfead annsa ṁuir,
’S na haiḃniḃ a láṁ ḋeas;
26Carruic mo ṡlánúiġṫe’ deir riom,
M’aṫair mo Ḋia ’s mo ṫreis.
27Mo ċeid‐ġein déanfad de maraon,
Níos áird’ na Riġṫe crioċ;
28Mo ċunraḋ seasfaḋ daingion búan,
Do cúiṁníuġ’ grás do ṡiór.
29A’s bḟearfad ár a ṡlioċt go buan,
Go márfiḋ siad go bráṫ;
’S a ċatair rioġa uasal árd,
Mar laeṫe neiṁe breaġ.
30Ma ṫréigid a ċlann mo ḋlíġeaḋ,
’S naċ siuḃóluid ann mo ḃreiṫ;
31’S go dtruaillfí’r leó mo reaċta naoṁ’,
A’s m’aiṫeanta fa leiṫ.
32Fiosróċaiġ me a loċt le slait,
’S a gcronn le builliḃ cruaiġ;
A bpeacuiḋe fiosróċuiġ mise fós,
Le sgúirsiḃ ḃíos go truaġ.
33Ṫairis sin mo ċaoiṁneas gráḋaċ,
Ni ḃainfid ḋe do ṡíor;
Ni ḟuiliongfad go ndeanfuiḋ bréug,
Dom’ ġeallaṁna tá fíor.
34Mo ċóiṁċeangal ni brisfear leam,
Na’n cuinraḋ rinnis leis;
’S an focal ċuaiḋ as mo ḃéul,
Go bráċ ni ċlaocloiġ mis’.
35Aon‐uair do ṁionuiġ me go fíor,
’S an dar mo naoṁṫaċt féin;
Do Ḋáiḃi ta na ógláċ ḋam,
Ċoiċe ná déanfain bréug.
36Aċ bí a ṡlioċt ’sa ġinealaċ,
Buan marṫanaċ go bráṫ;
’S a ċaṫaóir ríoġa mar a ngréin,
As mo ċoine‐se do ġnáṫ.
37Bíaiḋ se ár na ḋaingionúġaḋ,
Mar an ġealuiġ go bráṫ,
’S mar ḟiaḋnuise ’s na flaiṫios ṡuas,
Go fírinneaċ gaċ tráṫ.
38Aċ ṫeilg tu uait a’s ṫréig go tur,
A’s ġaiḃ tu gráin anois;
A’s ré d’ úngtaċ féin go mór fós,
A ḃfeirg a ḃi tú ris.
39Óir connraḋ d’ógláċ féin a Ḋé
Do ḃris tú e le táir;
Sa ċoróin uasal ṫruaillíġ leat
Dá teilgion siós air lár.
40A ḟálta fós do briseaḋ leat,
’Sa ḋaingne ṫeilgios síos;
41A ngaḃan an tslíġe creaċaid é,
’S a ċóṁarsain ḃeir sgíos.
42Láṁ ḋeas a naṁuid ṫog tu suas,
Eascáirde rinnis ait;
43Faoḃar a ċloiḋeam d’iompó’is air ais,
’S an gcaṫ níor ṫugais neart.
44Ċoisg tú a ġloir, ’s a ċaṫaóir ríoġ’,
Do leag tu síos air lár;
45A’s aimsir ’óige geirrioḋ leat,
D’foluiġ tú e le náir’.
46Cá fad a Ṫiġearna ḟoileóiġ tú?
A ndéanfaḋ tu go bráṫ?
An loisgfaḋ t’fearg mar ṫeine teiṫ,
Ċoíḋċe agus do ġnáṫ?
47Cuiṁniġ fós a’s taḃair fá ndear,
Giorra mo ré ’s mo ló,
Cread fár ċruiṫíġeas síolraċ A’ṁ,
Mar ḋioṁaoíneas no ċeó.
48Cia he an neaċ na ḃeaṫa tá,
An báis náċ ḃfeicḟear leis?
No anam féin o láṁ na huaiġ,
An saorfuiġ se le treis?
49Cá ḃfuil do ṫrócaire ċaoiṁ a Ḋé?
Do ṫeasbéun tú ó ṫus;
Do ṁionnuiġis an ṫ’fírinn ċeart,
Do Ḋáiḃi, ċongḃáil suas.
50Cuiṁniġ a Ṫi’arna scanail trom,
Do ṡeirḃíseaċ go léir;
A’s mar iomċruim‐se a’m’uċd,
Ó ’nuile ċine ṫréin.
51Lé ár imḋeargadar do ná’id’,
A Ṫi’arna tu gan aḋḃar;
Coiscéimíḋ ṫ’úngṫaiḋ ṁaslaiġ siad,
Gan gairm air do ċoḃair.
52Mór‐ḃeannuiġṫe go raiḃ se fós,
Iehoḃah láidir tréun;
Go sioruiġe suṫain fad gaċ ré,
Amen agus amén.

Currently Selected:

Psalm 89: PSA1836G

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in