YouVersion Logo
Search Icon

Psalm 88

88
LXXXVIII Psalm.
1’Ṫi’arna a Ḋé mo ṡlánuiġṫe,
Or ġoir me d’oiḋċe ’s lá;
2A’d’ láiṫir tigeaḋ m’úrnaiġ fós,
A’s m’éiġṁe eist do ġnáṫ.
3Oir m’anam lán do uilc atá,
’S mo ḃeaṫa ’ngar don uaiġ;
4Áiriġṫear me mar neaċ ṫéid síos,
Don log a’s me gan ḃuaiḋ.
5Mar na márḃa luiġeas san uaiġ,
Saor air a measg gan ḃríġ;
Gearrṫa amaċ léd’ láiṁse táid,
’S ó d’ ċuiṁne níos mó ċóiḋ’.
6San log íoċtaraċ ċuiris mé,
’Ndorċadas go doṁain;
7Do ḋíḃfeirg ċóṁnuiġeas ormsa,
’S do buaiḋris me léd ṫonn.
8Ċuir tu mo luċt cumuin ḃfad uaim,
Mar úaṫḃás táimse ḋóiḃ;
Air m’íaḋaġ astiġ atáim fós,
Gan teaċt amaċ níos mó.
9Mo ṡúil do ġní doilġios, cionnus,
Táim a mbua’rṫa’sa gcráḋ;
Mo láṁa ṡín me ċúġad a Ḋe,
A’s ġoir me ort gaċ lá.
10Do ionganta do ṡloíġ na marḃ,
A Ḋé a noċtfaḋ tú;
A néireóċuiḋ siad a nios arís,
Dod’ ṁollaḋ‐sa le clúḋ?
11Do ṫrócaire a’s do ċaoiṁnis glan,
An ḃfoillséoċar san uaiġ?
Air ṫ’fírinne a ndíoṫláiṫriúġ’,
Le neaċ a dtioḃrar luaḋ?
12A naiṫiontar ’s a dorċadas?
Ṫ’obair ro iongantaċ;
No a mbí’on a dtír an dearmuid,
Eólus air ṫ’fíréuntaċt.
13Aċt ċúġad‐sa ġaireas o mo Ḋia,
Go moċ ṫéid ṁ’úrnaiġ suas;
14’Ḋia cá fár ṫeilg tu m’anam uait,
’S fár ċeil tu uaim do ġnúis?
15O m’óige táme air mo ċráḋ,
Ro ḋlúṫ do ḃas a’s uaiġ;
Fuilingim ṫ’úaṫḃása go mór,
Ṫá me a mbuaiḋreaḋ ċrúaiḋ,
16Ċuaiḋ ṫ’fearg aiḋṁéil ṫorum go trom,
Ċlaoiḋ ṫ’uaṫḃáis me gan lúṫ;
17Mar uisge a’m’ ṫíomcioll d’iaḋ siad,
Air feaḋ an laoí go dlúṫ.
18Mo ċaraid ċuir tu uaim a ḃfad,
M’fear gáoil ṫug ḋaṁsa gráḋ;
’S an luċt d’ár b’aiṫne mise fós,
A ndorċadas a tá.

Currently Selected:

Psalm 88: PSA1836G

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

Video for Psalm 88