Psalm 82
82
LXXXII Psalm.
1A gcóiṁṫionól na dtréun a tá,
Na ṡeasaṁ Dia na ḃfeart;
A measg na nDee do ḃeir se breiṫ,
Le coṁṫrom a’s le ceart.
2Cia ḟad a ḃeiṫ siḃ ag bréiṫnúġ’,
Go héugcóraċ ár gcúis;
Taḃárt saoi‐ḃreiṫ leis na daoiniḃ daoí,
Dá meas do réir a ġnúis.
3Do ḋaoine boċd a’s dílleaċta,
Déanuiḋ‐se dion le céart;
Seasuiḋe cóir dóiḃ súd do ġnáṫ,
Ta craiḋte fann gan neart.
4An tainis lag’ sa deóraíḋ truaġ,
Síor‐ḟuasgail dóiḃ ’na ḃféiḋm;
Taḃuir o láiṁ an urċóidíġe,
Deaġ‐ṡaoraḋ ḋóiḃ go tréun.
5Eólus na tuigse ní’l aco,
Ag siúḃal a ndorċadas táid;
Ṫa bunáite na talṁan fós,
Air gcorruiġ’ as a náit.
6Is dée siḃ (dubairt me) ’s gur mic,
Don ti as áirde ann;
7Aċ mar ḋaóine eile ġeaḃṫaói bás,
’S mar uaċdaráin go fann.
8Ḋia éiriġ air an dtalaṁ déan,
Deaġ‐ḃreiṫeaṁnas go grad;
Óir ġeaḃair mar oiġreaċt duit ḟéin,
Na cineaḋaċa air fad.
Currently Selected:
Psalm 82: PSA1836G
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836.