YouVersion Logo
Search Icon

Psalm 83

83
LXXXIII Psalm.
1Na bíse a’d’ ṫoċd, anois, na bí,
Boġar a Ḋé ár neirt;
Na bí a’d’ ċóṁnuiḋe ’nám ár ndíṫ,
’Ḋia ċóṁaċtúiḋe an ċeirt.
2Óir féuċ a tá do náiṁde tréun,
Re feirg a’s buaiḋreaḋ árd.
’S an drong úd leis ḋo ḟuaiṫ’ean tú,
A gcinn do ṫóg a náird’.
3Có’irle uaigneaċ ġab’dar go claon,
’Naġaiḋ do ṁuintire féin;
A naġaiḋ d’ aon foluiġeaċ caoṁ,
Do ḋealḃadar droċ ṫéuim.
4A deir siad, tigiḋ linn dá sgrios,
O ḃeiṫ nis mó na sluaġ;
Do ċum naċ mbíoḋ air Isaréil,
Iomráḋ go bráċ ná luaḋ.
5Re na ċéile ċóṁairlíġeadar,
’S ad’ aġaiḋ ceangal rinn;
6Pailliúin Édom a’s slioċt Iṡmáel,
Móab ’s na Hagarínn’.
7Gébal, Ammon a’s Amalec,
Na Ṗilistíniġ a’s slóiġ Ṫior;
8Ċeangail Asur leó ’s buḋ ċóngnaṁ iad,
Do ċlannaiḃ Loit go fíor.
9Mar rinneaḋ leat air Ṁidían,
’S air Ṡisera lé ċéil;
Air Iábin ag aḃuin Ċíson,
Déan orra súd dá réir.
10Do ṫuit ag Endor a’s do rinn,
Mar aoileac iad don lár;
11Air Óreb mar rinn tú ’s air Séeb,
Dean air a nuaisle táir.
Mar Ṡéba fós, a’s Salmúnnah,
Déan a nuaċtaráin go léir;
12Duḃairt glacam mar oiġreaċt ċúġain,
Tíġṫe an Dé go saor.
13Dean iad mar roiṫlean, o mo Ḋia,
Mar ċonnlaċ ’dul le gaoiṫ;
14Mar loisgeas teine an ċoill fós,
No lasair sléiḃte ċnaóiḋ.
15Mar sin, léd’ anfáḋ orra súd,
Dean ainleanṁúin go dían;
Agus búaiḋir iad léd’ ḋoinean ṁóir,
Dá ndíbirt ’réir do ṁían.
16A néadain líon le masla ṁór,
Le lasaḋ gruaḋ gaċ ré;
Go nuig a nuair a niarṫar leó,
Ṫ’ainm ġlórṁar féin a Ḋé.
17Claoíḋtear agus buaiḋearṫar iad,
Go síoruiḋe a’s go Deó;
Bíoḋ náire orra a’s meaṫaidís,
Gan sosa a’s gan sóḋ.
18Go mbeiṫ ḟios aco gur tú aṁain,
D’ár ainm Iehóḃah tréun;
Ṫa’d uaċdarán ós cionn gaċ tír,
’S an dóṁan air fad faói’n ġréin.

Currently Selected:

Psalm 83: PSA1836G

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

Video for Psalm 83