Psalm 81
81
LXXXI Psalm.
1Luaṫġáiriġ ċum Dé, fos ḃúr neart,
Do Ḋia Iácob ro ḃinn;
2Glacaiḋ psailm agus tíompán fós,
Sailtir a’s cláirseaċ ġrinn.
3Séidiġ an stoc ’san ġéaluiḋ nuaḋ,
A laeṫiḃ ġnáṫaċ féil;
4Buḋ reaċt súd ag Dia Iácob fós,
’S buḋ ḋlíġeaḋ d’Isráel.
5Do Ióseṗ d’órduiġ súd mar ṫeist,
Tríd a nÉgipt nuair a ċuaiġ;
Do ċualaḋ caint a’s cóṁraḋ ann,
Nar ṫuigeas iar na luaḋ.
6Ó’n ualaċ ṡaor me ’ġuala‐san,
Ó na hoiġniḃ a láṁ’;
7A mbuaiḋreaḋ ġoir tusa orram,
A’s ṡaor me tu go cáiḋ.
A nionad díaṁar na tóirníġe,
Do ḟreagair mé do ġlaoiḋ;
Láiṁ re huisgeaḋuiḃ Ṁeribah,
Do ḋearḃ me ṫú maraon.
8Éist mo ṗobal a’s ḋéanfad ḋuit,
Fíaḋnuise ġlé ġaċ tráṫ;
Ma eisteann tú re guṫ mo ḃéil,
Ó a Israél do ġnáṫ.
9Ionadsa na bíoḋ am air biṫ,
Dia coiṁṫíġeaċ na claon;
’S do Ḋia cóigċríċe ni ċlaonfair,
Tú, ṫu‐féin síos maraon.
10Is mise an Ti’arna do Ḋia,
O ’nÉgirt suas ṫug tú;
Go fairsiong forguil‐si do ḃéul,
A’s líonfad e le clúḋ.
11Giḋeaḋ ni ṫug mo ṗobal féin,
Éisdeaċt do ġuṫ mo ḃéil;
’S níor úṁlaiġ ḋam an‐ṁuintir úd,
Do ġineaḋ ó Isráel.
12Mar sin do ṁían a gcroiḋe féin,
Do léigios dóiḃ imṫeaċt;
’S an a gcóṁairle féin gan ċéill,
Do ṡiúḃaladar gan ċeart.
13Ó dá ngéillfidís mo ṗoball dam,
Ag éisteaċt le mo reaċt;
A’s fós da ngluaiseaḋ Isaráel,
A’m’ ṡliġṫiḃ féin go ceart.
14A naiṁde smaċtóiġin go luaṫ,
Le buaḋ dá leaga síos;
A’s d’fíllfin, air a neascáirdiḃ,
Mo láṁa dá gcear fá ċíos.
15Luċt fuaṫa an Ti’arna mar sin,
Go fáṫaċ d’úṁlóġ Ḋó;
Do ḃeiṫ a naimsir‐sean an ḃúan,
A’s marṫanaċ gan ġó.
16A’s ḃeaṫóċaḋ se iad go húr,
Le méuṫus cruinneaċta;
’S a sáiseaṁ fós don ṁil is fearr,
As lárr na caraíge.
Currently Selected:
Psalm 81: PSA1836G
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836.