Psalm 80
80
LXXX Psalm.
1Aoḋaire Isráel, eisteaċd, t’úir,
Noċ stiúir Ióseṗ led’ láiṁ;
Ṫusa ṡuiġeas a measg ċerubím,
’Deallrúġaḋ ’maċ gan táiṁ.
2A láiṫir Eṗráim a’s Beniamín,
Agus Ṁanasse fós;
Duisig do ċóṁaċt, agus tair,
D’ár saoraḋ mar is nós.
3Fill sin arais a Ḋé na ḃfeart,
Tog orrainne suas go hárd;
Deaġ‐ḋeallraḋ glan do ġnúis a nois,
A’s saorṫar sin gan ċáird.
4Cia fad a ḃias tu feargaċ borb,
A Ṫiġearna a’s a Ḋé;
Re guiḋe géar do ṁuintire féin,
Ta ’géiric ort gaċ ré.
5Do ḃeaṫuiġ tu do ṡluaġ go léir,
Le harán déur a’s bróin;
A’s tóṁas fairsiong ṫug tu ḋóiḃ,
Do ḋéora goirt re nól.
6A’s rin tu sin mar imreasán,
D’ar gcóṁarsanuiḃ féin;
A’s mar aḃar magaiḋ ta sin,
Ag ár naiṁdiḃ go léir.
7Fíll sinn arís, a Ḋé na slóiġ,
Tóg orrainne suas go hárd;
Deallraḋ glan do ġnuise a Ḋé,
A’s saorṫar sin léd’ ġrás.
8As an ’Egipt ṫug tú fíneaṁúin,
’S na geinte ṫeilg tú ’maċ;
A’s ṡuiġiḋ tusa ’nionad súd,
An ḟineaṁuin úd fá seaċ.
9Ṡoláṫair tu áit di, a’s ġaiḃ,
Si fréuṁ go daingion teann;
Led’ ḃeannúġaḋ gur líonaḋ lé,
An tír o ċeann go ceann.
10Na sléiḃte árda d’foluiġ sí,
Le sgáile a duile féin;
A géuga ḃí mar ċeadair ḃreaġ,
Ag leaṫnúġaḋ faoí ṡéun.
11Do ċuir amaċ go nuig’ an ṁuir,
A beangáin míne réiġ;
A’s a gaḃláin air fad fá ṫreóġ,
An aḃuin áluin ġléiḋ.
12A fállta cread fá’r briseaḋ leat,
Ionnas go ḃfuil gaċ neaċ;
Ṫéid seaċad ár an mbóṫar ṁór,
Da sgoṫaḋ leó fá seaċ.
13Ta toirc a ṫig ó’n gcoill amaċ,
Da toċlaḋ síos go cré;
Ta beaṫuiġ allta an ṁaiġe fós,
Da hiṫiḋ suas gan réiġ.
14Fill, guiḋmid ort, a Ḋia na sluaġ,
Aṁairc o neaṁ a nuas;
Féuċ a’s fiosruiġ féin anois,
D’fínneaṁuin féin le truaġ ’s.
15A’s an fásċrann do ṗlanduiġ tú,
Le mor‐neart do ḋeis‐láiṁe;
’S an beangan úd do neartuiġ tú,
Duit féin le luṫ gaċ tráṫ.
16Le teine ata si air na dóiṫ,
A’s ta si géarrṫa síos;
Re haċṁusán do ġnuis a Ḋé,
Meaṫaiḋ si fós fa sgíos.
17Air ḟéar do ḋeas‐laiṁ féin a Ḋé,
Go raiḃ do laṁ go tréun;
Air ṁac an duine rinneaḋ leat,
Da neartuġaḋ ḋuit féin.
18Mar sin ni ḟillfeam uait arís,
Aiṫḃeoḋuiġ sin gaċ ló;
A’s goirfiḋ sin air t’ainm an sin,
Cóṁ fada a’s ḃeiṫmíd beó.
19Fill sin a rís a Ḋé na slóiġ,
A’s foillsiġ féin gan spás;
Deaġ‐ḋeallraḋ glan do ġnuis a nois,
A’s saorfar sin led’ ġrás.
Currently Selected:
Psalm 80: PSA1836G
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836.