Psalm 79
79
LXXIX Psalm.
1A’d’ oiġreaċt ṫángadar a Ḋé,
Na geinte air gaċ táoḃ;
Cárnaiḃ rinn d’Iarúsalem,
’S ṫruaill siad do ṫeampall naoṁ’
2Ṫugadar cuirp do ṡeirḃíseaċ,
Mar ḃiaḋ do éun a naér;
A’s feóil do naoiṁ mar ċoḃartaċ,
Do ḃeiṫeaċaiḃ an tsléiḃe.
3A dtiomċioll fós Iérúsalem,
Do ḋoirteadar a ḃfuil;
Mar uisge mór tíomċioll fá gcuárt,
’S a gcuirp air sraiṫ gan ċíl.
4Támaoid ár scanáil ’s ár ḃfonóid,
D’ar gcóṁarsanaiḃ féin;
Cúis magaiḋ agus tarcuisne,
Don drong do ṫig ar ndéin.
5A Ḋé, cá fad ḃeis tu feargáċ?
An mbeiṫ se ort go bráṫ;
An lasfaḋ ṫ’éud gan aen stad,
Mar lasair teiṫ do ġnáṫ?
6D’fearg amaċ air na geintiḃ doirt,
Ag náċ ḃfuil eólus ort;
A’s air na ríoġaċdaiḃ nár ġoir,
Air ṫ’ainm a Ḋia na ḃfeart.
7Oir d’uadar Iácob, ’s árus fós,
’N’fásaċ ċuir siad e síos;
8Peacáiḋ ár sinnsíor fós na cuir,
A gcuiṁne ḋuinn a rís.
Tárṫuiġeaḋ do ṫrócaire sinn,
Le do ċaóiṁneas a dtráṫ;
Oir is brónaċ boċt ár gcor anois,
Ag tuitim sios gaċ lá.
9A Ḋé ár slánuiġṫe caḃruiḋ sinn,
’Ḃríġ ġloire ṫ’ainme féin;
Ar son ṫ’ainme saor sin a’s glan,
Ó ár bpeacuiḋe ro ċlaon,
10Cread fá go nabraid cinneaċa,
Cá ḃfuil a nois a nDia?
Measg na ngeinte go naiṫeantar,
An Tiġearna ár dTríaṫ.
Le dioġaltas a’ gaḃáil dóiḃ,
Oir doirteaḋ leó gan ioċd;
Fuil neaṁ‐ċiontaċ do ṡeirḃíseaċ,
Go húr agus go tríc.
11Osnaḋaḋ na bráiġde tigeaḋ fós,
A’d laiṫir a Ḋé na ḃfeart;
San drong do hórduiġeaḋ ċum báis,
Saorsa re méid do neart.
12Agus taḃair d’ár gcóṁarsanaiḃ,
Na mbrollaċ díol a mbéum;
A’s gaċ masla dá dtug siad duit,
Fill seaċt nuair orrṫa féin.
13Caoireaḋ ṫ’inḃir ’s do ḋaoine sinn,
Molamaoid ṫu do ġnáṫ;
A’s cuireamaoid a gceill do ċlú,
Ó ḋín go dín go bráṫ.
Currently Selected:
Psalm 79: PSA1836G
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836.