Psalm 78
78
LXXVIII Psalm.
1Lém’ reaċt, mo ṗobal, éistiġ‐se,
A’s cluiniḋe guṫ mo ḃéil;
2A gcosaṁlaċt noċdfa me ḋiḃ,
Ráiḋte dorċa a gcéill.
3Noċ do ċúalamuir a’s bá fios,
Ó’r naiṫre d’inis duinn;
4Ni ċeillfiom iadsan air a gcloinn,
’S ní ḟoilléoċam iad ó ndín.
Aċ foillseóḋmáoid don drong le téaċd,
Árd‐ṁollaḋ bín ár nDé;
A ċóṁaċta móra ’sa neart,
’Sna míorḃúile ’rinn sé.
5A reaċt a nIácob ḋaingniḋ sé,
’Sa ḋlíġeaḋ a nIraél;
A’s d’órdaiġ sé d’ár naiṫreaċaiḃ,
Da gcloinn a ċuir a gcéill.
6Ċum’ ḟios a ḃeiṫ ag an dín re teaċd,
’San ċlann ata gan breiṫ;
’S go nineosaidis da slioċt na ndiaiġ,
Na neiṫe céadn’ fa leiṫ.
7A nDia go gcuirfidís a ndóiġ,
’Snáċ dearmadfaidís é;
’S go gcoinneóċaidís aṫanta Dé,
A ṁaireas ’feaḋ gaċ ré.
8’Snáċ beiṫdís mar a naiṫreaċa,
Neaṁċeansa a’s easúṁal;
Gan spioraid díleas aco do Ḋia,
’Sa gcroiḋe cam le Rí na ndúl.
9Clann Éṗráim le harmaiḃ gléast’,
Air ḃoġa buḋ ċuimseaċ beaċt;
Aċt le heagla d’filleadar air ais,
A laéṫiḃ caṫ ’a’s feaċt.
10Connraḋ Dé, do ċuir siad ar gcúl,
Da ḋlíġe do ḋiult siad géill;
11A oibreaċa do ḋearmuid siad,
’S a ṁíorḃúil’ go haiṫḃéil.
12Míorḃúile mór dá sínsearaiḃ,
’S an Éigift fós a rinn;
’S áir maċaire Ṡoan ṫeasbéun sé,
A ċóṁaċd mór ’na loinn.
13Do roin se an ḟairge don tsluaġ,
As ṫug se tríṫ’ iad sáor;
14Le néull do ṫreóruiġ iad san ló,
’S an oiḋce le solus cáoir.
15’S an dioṫraṁ sgoilt se an ċraig ċruaiḋ,
’S go fársiong ṫug ḋóiḃ deoċ;
16As an gcaraig ṫug sroṫa ’maċ,
Ag riṫ mar aiḃne seaċ.
17San ḃfásaċ ṗeacaiġ siad nios mó,
Ag brosdúġaḋ an Triaṫ;
18’Na gcroiḋe ċuir siad caṫuġaḋ air,
’Na mian ag iarraiġ bíḋ.
19Laḃradar sós a naġaiḋ Dé,
A’s dúḃradar go dían;
A ḃféudan Dia ’s an ḃfásaċ mór,
Clar líonaḋ ḋuinn le biaḋ.
20Féuċ ḃuail sé’n ċarruic ’s uisge líng,
’S tuile d’éiriġ go luaṫ;
A ḃféadan se arán ṫ’uirt fós,
No féol d’fáġail da ṡluaġ.
21Air ċluinsin so do ġaiḃ fearg Dia,
’Naġaiḋ Iácob teine las;
’S go dtáiniġ díḃféirg guinéaċ géar,
’Naġaiḋ Isráel go cas.
22Ar son nár ċreideadar a nDia,
A’s ’na ṡláint ’ndóiġ nár ċuir;
23Ge gur aiṫin do na neóill ’nuas,
’S dóirse neiṁe d’fosgail.
24A’s gur ḟearr orrṫa mana ’nuas,
’S go ḃfuair siad iṫ na spéur;
25Biaḋ na naingeal d’iṫeadar fós,
A saiṫ ḃi ’co go léir.
26’S an spéir tug air an ġáoṫ a noir,
Gur ṡéid si láidir tréun;
A’s ṫug se fós le cóṁaċt ’steaċ,
An ġaoṫ a ndeas le séun.
27Mar luaiṫreaḋ ḋoirt se orra fós,
Feól go leór mar a saiṫ;
Éun sgiaṫánaċ buḋ líonṁuire,
Na gaineaṁ air an dtráiġ.
28A meaḋon an ċampa leig Dia ’nuas,
Iad fá gcuárt a áit féin;
29Mairsin d’úadar a’s ṡásuiġeaḋ iad,
Oir ṫug se ḋóiḃ a méinn.
30Ó anntoil ṁór níor sgaraḋ iad,
Feaḋ ḃi an biaḋ na mbéul;
31D’fearr fearg an Tiġearna anuas,
A’s ċosgair iad le ċéil’.
’Sgrios se an drong buḋ ṁéiṫe ḋíoḃ,
Fir toġṫa Isaráel;
32Giḋeaḋ níor ċreid a ḟearta mór,
Aċt ṗeacaiġ siad gaċ eal.
33Air anaḃairsin ’ċaiṫ se a ré,
A ndíoṁáoineas air fad;
A’s bliaḋna a náoise go léir,
Le búaiḋreaḋ géur ċuaiḋ ṫart.
34Ann tráṫ do marḃaḋ leis‐sin iad,
An sin do ġuiḋe siad é;
Seaḋ d’filleadar a’s ḃiodar fós,
Go moċ ag iarraiġ Dé.
35Agus ċúiṁneadar gur ḃ’e Dia,
A gcarruic ṫréun do ġnáṫ.
A’s gur ḃ’é fós an Dia is árd,
A ḃfuascaltóir gaċ lá.
36Aċt rinneadar spleaḋa lé’n ’mbéul,
Re na dteangṫaib bréug ’s gó;
37Ni raiḃ a gcroiḋe ceart do Ḋia,
Na ’gcúnnraḋ dilios dó.
38Aċt ḃi se trócaireaċ lann do ġrás,
Ṁaiṫ ḋóiḃ a loċt go léir;
Nior sgrios se iad aċ d’fill go tric,
A’s ċiuin a ḟeirig ġéur.
39Oir ionta ċuiṁniġ se naċ raiḃ,
Aċ feol a ṡeargas tráṫ;
A’s osog gáoiṫe ṡéidios ṫort,
’S naċ ḃfillean arís go bráṫ.
40Ca tric do ċorruiġeadar é,
San dioṫraṁ ṫartṁar ċruaiḋe,
San ḃfásaċ cuireaḋ caṫúġ’ air,
Le easáontaċt an tsluaġ.
41Agus d’filleadar air a nais,
’Cur ċaṫuġ’ air le ċéil’;
Dia na nDé do ṁasluiġeadar,
A’s áon‐náoṁṫa Isráel.
42Níor ċúiṁníġeadar ’s nior ṁeas siad,
A uile ċóṁaċt ’s a láṁ;
No an la ṫug se furtaċd ḋóiḃ,
A’s fuasclaḋ fós ó’n ná’id.
43No fós an tan ’sa nÉgipt rinn,
Cóṁarṫuiḋe Ḋé na ḃfeart;
Air ṁaċaire Ṡóan mar an gcédn’,
A ṁíorḃúilte le neart.
44Na sroṫa d’iompuiġ se go fuil,
’S na tuilte nár ḃfead ’nól;
45Ċuir losgáinn ċuċa ’scuileoga,
Do rinn a sgrios go mór.
46A dtoraḋ ṫug agus a mbarr,
Do ḋreóllan‐teasḃuiḋ fós;
A’s sáoṫar a láṁ ṫug air fad,
Don lócuist le déanaṁ sóḋ’ċ.
47A ḃfineaṁain a ṁairḃ se fós,
Le ċloċṡneaċta gan spás;
A’s a gcrainn sicamór do ṁíll;
Le cuisne ṁór gan ċáird.
48Ṫug se an sin a náirnéis suid,
Do ċloiċṡneaċt sgaiṫeaċ ġéar;
’S le slaiġdiḃ teine‐dealláiniġ,
Loisg se fós a dtréad.
49Fearg a’s fraoċ, a’s aingiḋeaċt ṁór,
Orrṫa do ċuir go grad;
Do ċuir droċ‐aingle fós na measg,
Lé’r cláoiḋeaḋ iad air fad.
50Dá ḟraoċ do rinne beallaċ réiḋ,
’Nanam níor ġleiṫ ó’n mbás;
A mbeaṫa ṫruaġ ṫug ṫarais fós,
Do ġalar ’s ṗláiġ gan ċás.
51Agus annsa nÉgipt buaileaḋ leis,
Gaċ céad‐ġein a ḃi ann;
Toġa a neirt a bpailliúnaiḃ,
Buaileaḋ do ṁuintir Ham.
52Aċ ṫug se ’maċ a ḋáoine féin,
Mar ċáoireaḋ go mín mall;
’S mar ṫréud roiṁ áoḋaire ṫreóir iad,
’S an ḃfasaċ mar buḋ ċall.
53Do ṫreóraiġ se iad as go slán,
Gan eagal a’s gan sgáṫ;
Aċt air a naiṁdiḃ d’iaṫ an cuan,
’S an ḟairge rin a mbáṫ.
54Go himliḃ ionuid náoṁṫa féin,
Ṫug‐se a ṗoḃal leis;
Go nuige an tsléiḃe ċoisin se,
A’s ġnoḋuiġ a láṁ ḋeis.
55Ṫeilg‐se na gceinte rómpa ’maċ,
’S a noiġreaċt roinn le crann;
Do ċlann Isráel ṫug se ’nait súd,
Ċum coṁnuiḋe ḋéanaṁ ann.
56Ċuireadar caṫúġ ’s ḃrostuiġ siad,
An Dia is áirde glóir;
Níor ġeill agus níor ċoṁead siad,
D’a reaċta mar buḋ ċóir.
57Aċ d’fill siad mar a sínsearra,
Go fealltaċ air a nais;
Mar ḃoġa cealagaċ ċláon siad,
A’s lúb síad uaiḋ gann ċeas.
58Le na níoṁáiġiḃ a’s áitiḃ árd,
Ċuir siad fearg air a’s éud;
59Tráṫ ċuailiġ Dia, ġaiḃ fuaṫ ’s grain,
Ro ġairg re hIsrael.
60Ionnas gur ṫréig a ṗáilliun féin,
A Síló ḃí go sáṁ;
’S a ṗallúin fós do ṡocruiġ sé,
Air measg a ḋáoine bláṫ.
61Tug suas a neart a mbráiġdeanas,
’S a ġlóir don naṁuid ṫréin;
62Don ċloiḋioṁ ġéar ṫug se a ṡluaġ,
’S las ḟeirg le ’nóiġreaċt féin.
63Do sméidiġ roġa a ndáoíne óg,
’Sníor mollaḋ fós a nóġ;
64Na Sagairt ṫuit le lannuiḃ géar,
’S nior rin a mbaintrea’c brón.
65Annsin go luaṫ do ṁuisgil Dia,
Mar neaċ a ḃeiṫ, a súan;
’S mar ḋuine árraċta ag gáir,
Tre iomad ólta fíon.
66A’s na ndeireaḋ ḃuail se go géur,
A naiṁde féin le táir;
A’s ċuir se iad ó sin amaċ,
Go masla buan a’s náir’.
67Áitreaḃ Ióseṗ do ḋiúltaiġ ris,
Níor ṫoġ treiḃ Eṗráim;
68Aċ ṫoġa se Iúdah, ’s cnoc Ṡíon,
Do b’ionṁuin leis gan ċáim.
69A’s a ṡanctóir ċuir se suas ann,
Mar lóngṗort árd ro ḋeas;
A’s mar an talaṁ socair teann,
Do ṡíor gan ċorruiġ as.
70Fós ógláċ Daiḃi ṫoġ, a’s ṫug,
O ċró na gcáoraċ é;
71A’s ó leannṁuin na gcáoraċ trom,
Ḃi torṫaċ ’measg an spré.
A’s ṫug se é do ḃeaṫuġaḋ,
Iácob a ṗobal náoṁ’;
Mar sin a’s ginéalaċ Isráel,
Do b’oiġreaċt ḋo ro‐ċáoṁ.
72Do réir iomláine a ċroiḋe féin,
Ḃeṫaiġ se iad go beaċt;
Do réir deaġ‐eólus fós a láṁ,
Ṫreóruiġ se iad go ceart.
Currently Selected:
Psalm 78: PSA1836G
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836.