Psalm 77
77
LXXVII Psalm.
1Lém’ ġuṫ do ġários féin ár Ḋia,
D’eiġ me lém’ ġuṫ go hárd;
A nuair a ġlaoiḋ me ṫug seision,
Sár‐éisteaċd ḋam gan ċáird.
2A ló mo ḃuaiḋearṫa d’iar me Dia,
Mo láṁ ’s an ḃé do ṡil;
M’anam ni ḋearnaiḋ stad air biṫ,
Aċ ḋíult sólás go dil.
3Do ċuiṁniġeas air Ḋia annsin,
A’s ḃi me mbuaireaḋ ġéur;
Do rineas gearrán trom gan stad,
’Ṡmo spioraid lag go léir.
4Congḃuiġ tu mo ruisg gan suan,
Tá me cóiṁ‐iarganoċ;
Náċ féadaim focal caint na sgéul,
Laḃairt lém’ ḃéul amaċ.
5An sin air laeṫiḃ fada o ṡoin,
Do smuaingios féin go beaċd;
Air ḃliaġnuiḃ fós na haimsire cian,
Do ċuiṁniġ mé go ceart.
6San oiḋċe ċuiṁniġim mo ċeól,
’Sam’ ċroiḋe meaḋaim go léir,
A’s rinn mo spioraid fós gan taṁ,
Le díṫċeall sgrúda géur.
7’Dteilgfiḋ an Ti’arna uaiḋ go bráṫ?
’Snáċ noċdfaḋ gráḋ níos mó;
8Nár sguir a ṫrócaire go ḃráṫ.
’Sa ġeallaḋ air feaḋ gaċ ló?
9Nár ḋearmuid Dia go fírinneaċ,
Ḃeiṫ grásaṁuil eadtruaḋaċ,
Nár iaḋ se suas iona ḟeirg ṁóir,
A ṫrócaire lán‐ḃuaḋaċ.
10Aċt duḃairt me (traṫ ṫuigis sin),
Is í‐so m’anṁuin ṁór;
Aċ deas‐láiṁ an ti is ro ard,
Ċláoċlóiġis me go cóir.
11Gníoṁarṫa Dé go siór ċuiṁneód,
Mar rinneaḋ leis gaċ beart;
’Soibre iongantaċ ó’n allóid,
Cuiṁneóċa me go ceart.
12Air ṫ’oibriḃ uile mar an gcéadn’,
Smuainfiḋ me‐féin go tric;
A’s air gaċ feart dá ndearnaḋ leat.
Laḃróċaḋ me go glic.
13Do ṡlíġe atá ’sa nionad náoṁ’,
A Ṫi’arna a’s a Ḋé;
Cia is cosṁuil a neart mar Ḋia,
Na tréun a gcóṁaċt mar é.
14’S tusa an Dia ġniḋeas iongantas,
A’s obair ṁór léd’ ḟéart;
Agus air measg an ṗobail fós,
Do ṫeasbáin tú do neart.
15Do sáoraiḋ leat don teasairginn,
Do poḃall díleas féin;
Clann Iácob agus Ióseṗ fós,
Léd’ ġárda neartṁar, ṫréin.
16Do ċonnairc na huisgíḋe ṫu ’Ḋé,
A Ḋé do ḋearc siad ṫú;
Do ḃi eagla orrṫa go mór,
A’s na haigéin rin siad cú’.
17A nuisge ḋoirt na néulla ’maċ,
Buḋ ro ṁór fuaim na spéir;
A’s ċuaiḋ do ṡaiġde corranaċ,
A maċ go sgaiṫeaċ géur.
18Do ḃi fuaim do ṫóirniġe ’sa spéir,
Do ṫinteaċ d’foillsiġ an ḃíṫ;
Eagla ṁór ḃi air an sáoġal,
’San talaṁ féin do ċriṫ.
19’San ḃfairge ’Ḋé do ṡlíġe atá,
’San doiṁneaċd do ċasáin;
A’s lorg do ċos ni haiṫniḋṫear,
Táid a ḃfolaċ o ṫáin.
20Is aṁluiġ fós mar ṡeoltar tréud,
Do ṗobal stiúirṫear leat;
Le deaġ‐láiṁ Ṁáoís a’s Aroin fós,
Dá dtreóruiġ’ go ceart.
Currently Selected:
Psalm 77: PSA1836G
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836.