YouVersion Logo
Search Icon

Psalm 76

76
LXXVI Psalm.
1An Iúdah aiṫníġṫear ár nDia,
’S mór ’ainm a nIsraél náoṁ’;
2A Sálem ṫa a ṗailliún fós,
A’s árus a Síon ċáoṁ.
3Saiġde an ḃoġa ḃris se ann sin,
An sgiaṫ ’sa cloiḋeaṁ géur;
An cóṁrac a’s an caṫ maraon,
Do briseaḋ leis go tréun.
4Is mó do lónraċt glé a Ḋé,
Is mó go mór do ġlóir;
Na sléiḃte na creiċe ṫóg suas,
A gceannaiḃ féin ro ṁór.
5Do ċreaċaḋ luċt an ċroiḋe meisn’úil,
A’s ċodail siad a suan;
Na dáoine ḃi curata tréun,
A láṁa air luṫ níor ḃuan.
6Oir ṫusa as Dia do Iacob ann,
Led’ aċṁusán ’s led’ neart;
An carbad‐cogaiḋ a’s an teaċ,
Na suan do cuirreaḋ leat.
7A ta tusa, ṫusa féin, a Ḋé,
Uaṫḃásaċ iongantaċ;
Cia ṡeasas ós do ċoine suas,
Tráṫ ḃi tu fearagaċ.
8Do ṫug tu air do ḃreiteaṁnas,
O neaṁ gur cualaiḋ é;
Ḃi air an dtalaṁ eagla ṁór,
’S na ṫaṁ go grod ḃi se.
9Tráṫ d’éiriġ Dia ċum bréiṫeaṁnuis,
Do ṡáoraḋ annsa nam;
Gaċ uile ḋuine fíor a’s ceart,
Air talaṁ gan áon ċam.
10Ḃeir fearg a’s tnúṫ dáoine an sin,
Ardṁolaḋ ḋuit go ceart;
A’s fuiġioll fós a ḃfeirge ṁóir;
Lan‐ċoisgean tu led’ neart.
11Geallaiḋ ḃúr móid go togaraċ,
D’ár nDia Iehóḃah árd;
A’s cóiṁlíonuiḋe go fírinneaċ,
Gaċ ár ġeallḃúr gan ċáird.
Gaċ neaċ ata ’na ṫíomċioll‐san,
Tugadáois ḋo a nam;
Deaġ‐ṫaḃartas a’s tioḋlacaḋ;
Don te ’nar ceart duinn crom.
12A’s ġníḋ spioraid na nuaċdarán,
A ġearraḋ ’maċ le neart;
Do riġṫe fós na cruinne‐cé,
’S uaṫḃásaċ é go beaċd.

Currently Selected:

Psalm 76: PSA1836G

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

Video for Psalm 76