Psalm 75
75
LXXV Psalm.
1Ḃeirmid buiḋeaċas duit, a Ḋé,
Buiḋeaċas buan do ġnáṫ;
Oir foillsiġid do ṁiorḃúilíḋe,
Gur fogus ṫ’ainm gaċ lá.
2Tráṫ ġeiḃim agus ġlacṫar leam,
Cóiṁṫionól na dtíor;
Do ġníḋim dóiḃ deaġ‐ḃreiṫeaṁnuis,
Go cóṁṫromaċ ’s go fíor.
3Ta’n talaṁ ’s an ṁéid áitreaḃas ann,
Sgaoilte ó ċéile tráṫ;
Aċt a ċolḃa daingneóċadsa,
Da gcoingḃáil suas do ġnáṫ.
4A deirim ris na hamadáin,
Na deanuiḋe leiṁe ’ċlóḋ;
’S le luċd an uilc, na tógḃaiḋ suas,
Ḃur naḋarc ann nios mó.
5Ḃúr naḋarc fós na tógḃaiḋ suas,
Ag caint le muineal cruaiġ;
6Óir ni a noir, a niar, no ’ndeas,
Ṫiġ onóir ṁór no buaiḋ.
7Aċt ’s breiṫeaṁ Dia do leagas aon,
A’s ṫógas aon fá seaċ;
8Oir scala a láiṁ an Ti’arna tá,
Don ḟíon is deirge dreaċ.
Lán‐ċumaiscṫe ṫá, ’s doirtfiḋ se,
Cuid as amaċ go grad;
A ḋeasgaḋ fáisgfid peacaiḋ baoṫ,
A’s ólfuid é air fad.
9Aċt cuirfiḋ mise fós a gcéill,
Go suṫain a’s go síor;
Do Ḋia Iácob cánfadsa féin,
Ard‐ṁolaḋ binn go fíor.
10Aḋarca uile na ndaoine táir,
Brisfiḋ me síos ’s gaċ ait;
Aċt aḋarca na ḃfíréanaċ,
Ardóċar suas go hait.
Currently Selected:
Psalm 75: PSA1836G
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836.