YouVersion Logo
Search Icon

Psalm 74

74
LXXIV Psalm.
1Cread as fá’r ṫeilgios sinne uait?
A Ḋé, an eaḋ go bráṫ?
A ndéana ṫ’fearg deataċ ’naġaiḋ,
Chaoraċ ṫ’inḃir ro ḃreáġ.
2Cuiṁniġ a Ḋé do ċóiṁṫionól,
Do ċeanċaḋ tu ḋuit féin;
An oiġreaċt sin do sáoraḋ leat,
Sion do ċóṁnuiġe ó ċéin.
3Ċum an ḟásuiġ síoruiḋe ḃuain.
Do ċosa tóg go hárd;
Ċum an uilc a rinn an naṁuid,
Ad’ ṫeampall náoṁ gan ċáird.
4Do naiṁde rinn siad béiciḋ ḃorb,
Measg ċóíṁṫíonoil do ṡluaġ;
A’s ṫóg siad suas a mbrataċa,
Mar ċóṁarṫa ár ḃuaḋ.
5Bá ċluiteaċ an té’r ṫógaḋ leis,
An tuaġ ’na láṁa suas;
Air ċrannuiḃ árda dosaċ tiúġ,
Do ċum a leagṫa ’nuas.
6Aċ anois an obár ṡnáiġte ġrinn,
Le hórdaiḃ ’s tuaġaiḃ ḃris;
7A’s ċuireadar na lasair ḋeirg,
Do ṫeampall náoṁ dá sgrios.
Tiġ‐cóṁnuiġṫe náoṁta, ṫ’ainme ’Ḋé,
Féuċ ṫruaill siad e le táir;
Da ṁilleaḋ a’s da leagaḋ síos,
Cóiṁ‐iosal leis an lár.
8’Na gcroiḋe laḃair siad mar so,
Sgriosamáoid iad le ċéil’;
Gaċ cóiṁṫionól ag Dia san tír,
Loisgeadar iad go léir.
9Ár gcóṁarṫa ni ḟeicṫear linn.
Fáiḋ ni ḃfuil nios mó ann;
Ni mó ta neaċ na measg go léir,
Dár fios cia fad an tam.
10Cia fad a ḃeis, a Ḋé na ndúl?
A neascaraḋ ’scanlúġaḋ:
An eaḋ go bráṫ, ḃeiṫ an náṁaid,
’Tarcuisniúġaḋ ṫ’ainm ḃúaḋ’ċ.
11Cread fáṫ a ḃḟillean tu do láṁ,
Do ḋeas‐láṁ féin air ais;
Cuingioṁ as lár do ḃrollaiġ í,
Ċum fuasclaḋ orainn go cas.
12Oir Dia na nglóir ta neartṁar ard,
O ċian a se mo Ríġ;
’Meaḋon na talṁan lena neart,
’Goibriúġaḋ sláinte a’s síṫ.
13An ḟairge sgoiltiġ le do neart,
As cinn ro láidir ċruaiġ;
Ná ndragún ansá nuisge ṁór,
Ag déanaṁ orrṫa buaiḋ.
14Cin Leḃiaṫan aḋḃal ṁóir,
’S tu féin a ḃris a’s ṗronn;
A’s ṫug tu e, mar ḃiaḋ don tsluaġ,
Ḃi ansa ḃfásaċ lom.
15’S tu sgoilt tuilte a’s toibreaċa,
’S tu ṫíormuiġ aiḃne ṁór;
16’S tu d’órduiġ solus agus grian,
’S leat a noiḋċe ’s a ló.
17Críoċa na talṁan ṡocruiġ tu,
Do rin tu saṁraḋ teiḋ;
’S a gioṁreaḋ fós do rinneaḋ leat,
’S na haimsiriḃ fa leiṫ.
18A Ṫiġearna cuiṁniġ so go mór,
An naṁaid gur sganluiġ tú;
Agus go dtugadar dáoine leaṁ,
Dod’ ainmsi aiṫis ḋlúṫ.
19Anam do ċoluim na taḃair suas,
Do ċuideaċda na ndaoí,
A’s cóiṁṫionól do ḋeóruiḋe ḃoiċd,
Air dearmad siór na bí.
20Do ċonnraḋ t’úir fá ndear a Ḋé,
Óir aitreaḃuiġ dorċ’ na tír;
Táid lann do ṁeall a’s ṁalluiġṫeaċt,
A ḃfoiréagan do ṡíor.
21Na fílltear air a nais le náir’,
An drong leatrom do ġní;
Na boiċd agus na heasḃuiġe bíḋ,
A’d’ ṁolaḋ gan aon sgíṫ.
22Éiriġ a Ḋé gan muill na stad,
A’s tagair do ċús féin;
Cuiṁniġ mar ta an tamadán,
Gaċ lá ag t’uirt ḋuit béim.
23Na dearmuid guṫ na muint’re sin,
Na naṁdaiḃ ḋuit a tá;
Ta na dáoine eirġios a’d’ aġaiḋ,
Síor‐ḋul a méud gaċ lá.

Currently Selected:

Psalm 74: PSA1836G

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

Video for Psalm 74