Psalm 103
103
CIII Psalm.
1Beannuiġ ó m’anam, ṫusa anois,
An Tiġearna ta ro ṫréun;
’S gaċ niḋ a ta a’m’ ionaṫar,
A ainm ro naoṁṫa féin.
2Ó m’anam, beannuiġ féin anois,
Iehóḃah mór do Ríġ;
A’s na dearmuid gaċ tioḋlaicṫe,
Do ḋeónuiġ ḋuit go mbríġ.
3Se’ṁaiṫios duit go grásṁaṁuil cáoin,
Gaċ peacaḋ ionnad féin;
Se ḃeir ḋuit sláinte ’s furtaċd fós,
Ó’d’ easláintiḃ go grín.
4T’anam ḋ’fuasglas o sgrios an ḃáis,
Go socair a’s go sáṁ;
Coróin ṁaiṫeasa a’s ṫrócaire.
Ċuirios se ort mar ḋáiṁ.
5Noċ ṡáisiġios do ḃéul re maiṫ,
Dá líonaḋ le tioḋlacaiḃ;
’S mar iolar luaṫ na spéir a ta,
Ṫ’óige ó ṡeanndaċt duḃ.
6Ceart agus ḃreiṫeaṁnuis do ġní,
An Tiġearna do gaċ naen;
A ḃfoirneart a’s a leaṫtrom tá,
Dá saoraḋ a’s a bpéin.
7Do Ṁaois an te do b’óglaċ do,
A ṡlíġṫe ċuir a gcéill;
A’s mar‐an‐gcéadna ’oibreaċa,
Do ċlannuiḃ Isaráel.
8Ta’n Tiġearna grás’uil, lan do ṫruaġ,
Ċum feirge mall atá;
9Lán do ṫrócaire ’smór a ngrás,
Ni ċuinneóġ’ ḟeirg do ġnaṫ.
10Do réir ár gcionta iomarcaċ,
Ni ḋearna dío’ltas or’nn;
Agus ni do réir ár néigċeirt‐na,
Do ṫug se luaiġeaċt duinn.
11Oir mar ó’s cionn na talṁan ’tá,
Na neaṁa árd gaċ ré;
’S aṁluiġ sin a ta oineaċ ṁór,
Do’n luċt d’ár b’eagal é.
12Cóṁ‐fada ’s ta an áird ṡior a’s ṡiár,
A’ gaḃáil ó na ċéil’;
Do ċuir Dia na nuile ġrás,
Ár bpeacuiḋe uainn go léir.
13Aṁluiġe mar ḃíos ag an aṫair truaġ,
D’á ċloinn tráṫ ḃíḋ siad máoṫ;
Is mar‐soin do’n luċt eagluiġis Dia,
Gáḃaḋ se truaġ d’á ngláoḋ.
14Oir is aiṫne ’sas léir do Ḋia,
Ár gcrúṫ ’sár ndeilḃ go ceart,
Gur luaiṫreaḋ talṁuin sin air fad,
Cuiṁniġean se go beaċd.
15An duine truaḋ a táid a láe,
Mar an ḃféur ta ag fás;
Mar ḃláṫ an ṁaġa ’s marsoin ḃias,
Ag bláṫuġaḋ an sa rás.
16Oir ṫairis ṫéid an ġaoṫ go tréun,
’S le fáġail ni ḃfuil níos mó;
A’s ó sin amaċ ni aiṫneóġ,
A ionad sin e go deó.
17Aċt mairfiġ trócaire Dé go síor,
Don drong d’ár eagal é;
A’s fós do ċlann a gcloine sinn,
A ḟíréuntaċt gaċ ré.
18Don luċt a ċoiṁéadas go fíor,
A ċonnraḋ rin sé leó;
A’s a ċuiṁniġeas ’aṫanta,
Dá ndéanaḋ ceart gan ġó.
19Do ṡoċruiġ Dia air neaṁ go hárd,
A ċaṫáoir Ríoġa féin;
’S a rioċtsan tá ag riaġ’luġ’fós,
Ó’s Cionn gaċ níḋ fo’n ġréin.
20A aingle féin an Tiġearna mór,
Beannuiġ‐se e go síor;
Arraċta ta ’sa’ cóṁáill a reaċt,
’S ag cluin a ġuṫ go fíor.
21Beanuiġe an Ti’arna gaċ aen‐neaċ,
D’á ṡluaġ a ḃainneas leis;
A’s a luċt frioṫoilte ta do ġnáṫ,
Ag déana a ṫola ’nois.
22An Ti’arna beannuiġe ’oibreaċa,
San uile áit dá río’ċt;
Iehoḃah beannuiġ ó m’anam féin,
Le huiirim ṁór don dia’ċt.
Currently Selected:
Psalm 103: PSA1836G
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836.