Psalm 102
102
CII Psalm.
1Re m’urnaiġ éist a Ṫi’arna Dia,
A’s mo ġlaoiḋ tigeaḋ ċúġad;
2Na foluiġ uaim do ġnúis san ló,
Na mbiad a mbuaiḋreaḋ fúd.
San ló ġoirfeas me ort go géar,
Crom ċugam féin do ċluas;
A’s freagair me go deifireaċ,
Ag furtaċt air mo ċrua’s.
3Óir mar ḋeataċ mo laeṫe’ tá,
Dá gcnáoiḋeaḋ suas do ġnáṫ;
Mar ṫínnteann na teine ’saṁluiḋe,
Mo ċná’ air losga tá.
4Trom‐ḃuailte ta mo ċroiḋe fann,
A’s seargṫa mar an ḃféur;
Ionnus gur ḋearmuid me go ceart,
Greim aráin ’ċur a’m’ ḃéul.
5Ḃríġ mo ċneaduiġ, mo ċnáṁa ḋlúiġ,
Lém’ ċroicion féin go téann.
6Mar Ṗelicán ’san ḃfásaċ me,
No ulċaḃċán na mbeann.
7Aig faire táim go ḋíṫċiollaċ,
Is cosṁuil me do ġnáṫ;
Mar ġealḃonn a naonar ḃíḋeas,
Air ṁullaċ tíġe gaċ tráṫ.
8Air feaḋ an lae mo naiṁde rinn,
Me sċanlúġaḋ le táir;
Na daoine tá air mire ċúġam,
Taid mionuiġṫe ’m’aiġ’ gan náir’.
9Lém’ ḋeóruiḃ ċumaisg me mo ḋeoċ,
Mar arán d’iṫios luaiṫ,
10Tré d’fioċ a’s d’feirg, óir ṫóg tu ṁé,
A’s leag tu ’rís go truaġ.
11Mar sgáile ċláon mo laeṫe sios,
A’s ṡearg me féin mar ḟéur;
12Aċ mairfiġ tusa a Ḋé go braṫ,
’S do ċuiṁne síor gan éur.
13Eireoċa tu nois a’s deanfair grás,
Ar Sion do ċnoc naoṁ;
Oir am a caḃarṫa ta ’nois,
Aimsir na trócair’ ċaoiṁ.
14Óir d’ógluiġ taid ag gaḃáil tlaċt,
Dá cloċuiḃ súd gaċ uair;
Ta deaġṫoil aig do ṡearḃo’ntuiḃ,
Dá luaiṫreaḋ is dá húir.
15Mar sin biaiḋ air na cinneaḋaċuiḃ,
Sár eagla roiṁ ainm Dé;
’S gaċ riġ ’san doṁan gaḃfuiġ siad,
Fioċ roiṁ ġlóir an Triaṫ.
16Traṫ ṫóigfear Sion suas le Dia,
Taisbeanfuiġ se a nglóir;
17Urnuiḋe na mboċd ṫug se fá ndear,
’S ni ḋiultóċuiġ nios mó.
18Sgríoḃṫar na neiṫe se le ceill,
Arson an áil re teaċt;
’S an sluaġ cruṫoċṫar d’ar ndeis,
Glóirfiġ siad Dia fa seaċ.
19Óir d’féuċ se fein ó’n mball is aird,
Dá ionad naoṁṫa ṡuas;
O ḟlaiṫeaṁnas a daṁairc Dia,
Air ṫalaṁ ṫruaġ anuas.
20Ċum go gcluinfeaḋ se éagnaċ ṁór,
An ḃraiġdionaiġ faoi ġlas;
Ċum fuasglaḋ air an druing a tá,
Faoi ḋaoirse báis gan ġus.
21A Sion ċum go gcuirfiḋe a gcéill,
Ainm uasal árd ar nDé;
’Sa nIerúsalem go nineósfuiḋe,
A ṁolaḋ ’sa ċlúḋ go glé.
22Mar ċruinneóċṫar na poibleaċa,
A néinḟeaaċd le na ċéil’;
Ċum foġnaṁ don Tiġearna Dia,
Na Ríoġaċta mór go léir.
23Mo neart do ḃuaiḋir se ansá tslíġe,
Mo laéṫe ’ġioiraiġ leis;
24Duḃairt me ó mo Ḋia, na tréig,
’Sa meaḋon mo lae na sgrios.
Do ḃliaġna‐sa a taid do ġnáṫ,
Ó ḋín go dín gan tráġ;
25Ó ṫosaċ is tusa do ṡúiġiḋ,
Bunáit na Ce léd’ láṁa.
Is iad na flaiṫios fior‐ġlan árd,
Obair mór‐ḃreaġ do ġéag;
26Buan‐ṁarṫanaċ ḃeiṫ tusa féin,
Tráṫ ṁeiṫfid siad gan ḃréug.
Mar éadaċ sean le hiomad aois,
Caiṫfid go fíor gan ġó;
Mar ċulaiḋ a malairt ġníḋ tú,
A’s claoċluiġṫe beid’san ló.
27Aċt is tusa an ti céadna‐sin,
’S air d’aimsir ni ḃeiṫ críoċ;
28Clann d’ógláċa ċóiṁneoċuid sin,
’S daingn’óir a slioċt a’d’ ċríċ.
Currently Selected:
Psalm 102: PSA1836G
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836.