Psalm 104
104
CIV Psalm.
1O m’anam, beannuiġe ṫusa Dia,
Mo Ḋia ’stu’n Tríaṫ ro ṁór;
Óir ṫa tusa air d’éadúġaḋ,
Le mórḋaċd a’s le glóir.
2Ag cur soluis deallraċ glan,
Mar éadaċ umad féin;
Ag síneaḋ na ḃflaiṫios amaċ,
Mar ḃrat o aimsir ċéin.
3’Ṡeómruiġe uaċtaraċa leagaḋ leis,
Air uisgíḃ do ḃí fuiḋ;
Mar ċarbad rin na neulla tiúġ,
’Se rioṫ air sgiaṫaiḃ gáoiṫ.
4Se fein a rin na haingiol fós,
’Na spioraid láidir ṫréan;
Agus teine lasarḋa loinn.
Dá luċt freasduil maráon.
5Ṡuiġios an talaṁ a ḃfulanguiḃ,
Go teann ’s go cruaiġ na náit;
Do ċum naċ gcorróċuiġ é,
As ionad féin go braṫ.
6A’s d’foluiġ tu le doiṁneaċt é,
Clúdṫa mar ḃeiṫ le brat;
Ó’s cionn na sliaḃ ’sna mbeann ro árd,
Na huisgeaḋa do stad.
7Ó’d’ aċṁusán do ṫeiṫiodar,
Iar na ḃreiṫnúġaḋ ḋóiḃ;
’S rómpa fós do ḋeiṫfriġeadar,
O ġuṫ do ṫóirníġe ṁóir.
8Tiaġaid na sléiḃte suas go hárd,
A’s sios air fad na gleann’;
Ċum an áit do órduiġ tu,
’S do ṡocruiḋis ḋóiḃ go teann’.
9Do ċuir tu rómpa teóra ḃuan,
Náċ raċaḋ siad a nún;
’S náċ fillfiḋ siad air ais arís,
D’Folaċ ġnúis na talṁúin.
10Cuirean se ’maċ na tiobraċa,
Air feaḋ na log ’sna ngleann;
Ta go séiṁ ag treaṫ go breas,
Sios réiġ le hais na mbeann.
11A’s d’ainṁíḋiḃ an ṁaiċre fós,
Do ḃeirid deoċ le n’ól;
’S na hasail ḟiaḋta coisgean siad,
A dtart ’sa niota mór.
12’Na ḃfoċair seo ġníḋ éan a náeir,
Cóṁnuiġ go socair sáṁ;
’S a measg na ngéugaiḃ cánuid céol,
Le guṫ sáir‐ḃín gan táṁ.
13Ó na ṡeómruiġiḃ féin a mac,
Fluiċean se fós na cnuic;
Le toraḋ h’oibreaċaiḃ go húr,
Do líonaḋ an ċé le hic.
14Don áirnéis ḃeir air an ḃféur fás,
’San luiḃ ċum maiṫeas daoin’;
Ċum aráin a ṫaḃairt a maċ,
Air an dtalaṁ go caoin.
15Ré fion ġníḋeas se súgaċ ait,
Croiḋé an duine go cóir;
Le hola ḃeir air aġaiḋ deallrúġ’,
’Sarán ċuireas ann treóir.
16Tá doire an Triaṫ lán do ḃríġ,
’Siad seadáir Lebannon;
Na crainn úd do ṗlanduiġ sé,
A’s ṡuiḋ se air a mbonn.
17Mar a ndéanuid éunlaiṫ na spéur,
Go conail fós a neid;
An storc is e an crann ard giúṁais,
A árus fós ’sa ṫiġ.
18A mbeannuiḃ árda na fíaḋ‐ġaḃair,
A dtearmuin féin do leag;
Na coiníniḋ beaga mar‐an‐gcéadn’,
A gcuaisiḃ ḃlaiġ na gcreag.
19An ġeallaċ ḋ’orduiġ eision fós,
Go sgaraċduin na dtrá;
Ta eólus ro‐ṁaiṫ ag an ġréin,
Mar luiġeas si gaċ lá.
20Do ġniḋṫear leatsa dorċadas,
’S an oiḋċe ṫig go grad;
Annsoin a ṡnáṁuid as an gcoill,
Na beaṫaiġ allta air fad.
21Le béicceaḋ biaiḋ leóṁain óg,
Ag iarraiġ fós a gcreaċ;
Air Ḋia ag iarraiġ próine bíḋ,
Do ṡásaṁ a ndiṫ fa seaċ.
22An sin tráṫ éirġios suas an ġrían,
Cruinníġean siad le ċéil;
Go huaigneaċ luiġean siad a stíġ,
An a ḃfuaċaisiḋe féin.
23Ṫeiḋ an duine amaċ an sin,
Ċum’ oibre mar is cóir;
A’s leannuiġ se go díṫċiollaċ,
A ṡáoṫar go traṫnón.
24Cá líon ṫ’oibreaċa mór a Ḋé!
A ngliocus rinn tu iad;
An talaṁ fós léd’ ṡaiḋḃrios mór,
Ṫa lann air faid ’sair le’ad.
25An ḟairge fós áḋḃal ḟairsiong,
’S na slóiġ a ṡnáġas ann;
Na beaṫaċa ta beag a’s mór,
Gan orra cúntas ceann.
26Ta loingeas a seólaḋ ann go tiúġ,
’S an Leḃiaṫan mór;
A cumaḋ a’s do ḋealḃaḋ leat,
Ċum súgraḋ ann le treóir.
27Na slóiġ úd uile, ṫa, a Ḋé,
Ag feiṫioṁ ort do ġnáṫ;
Do ċum go mbearfáḋ ḋóiḃ‐sion biaḋ,
Dá gcongḃáil beó gaċ tráṫ.
28Do ḃeir tu ḋóiḃ dod’ ṫóirḃeartas,
A’s cruinniġid siad é;
Fosclaiḋ tu do láṁa amaċ,
’S re maiṫ, a saiṫ t’aid réiġ.
29Folċuiġ tu do ġnúis orra súd,
’S táid buaiḋearṫa air fad;
Éugaid tráṫ ḃeir tu as a ndeó,
Fillid don úir go grad.
30Do spiorad féin cuirir da ndeilḃ,
Go deiṫneasaċ a maċ;
Aġaiḋ na talṁuin mar‐an‐gcéadn’,
Aṫnuaḋṫair le do ḋreaċ.
31Biaḋ glóir an Tiġearna marṫanaċ,
Air feaḋ gaċ dín a’s ré;
’S ḋéanfad an Tiġearna gáirdeaċas,
Ionna oibreaċa glé.
32Air an dtallaṁ féuċan sé,
A’s crioṫnuiġean se gan onn;
Leis na sléiḃtiḃ beanuiḋ se fós,
’S ġníḋ deataċ mór naċ gann.
33Do Ḋia Iehoḃah cánfad ceol,
An ḟaid a’s ḃeiṫ me beó;
A’s ḃéarfad molaḋ mór dam Ḋia,
Le psalm air feaḋ mo ló.
34Buḋ ṁilis mo smuainte ar a ṡon,
Beid ait a nDia do ġnáṫ:
35Go dtigiḋ sgrios air ṗeacaċaiḃ,
’Maċ as an dtír go bráṫ.
’S na raiḃ na ciontuiġ ann níos mó,
O m’anam, beannuiġ an Triaṫ;
Beannuiġe siḃ go huile air fad,
An Tiġearna ár nDia.
Currently Selected:
Psalm 104: PSA1836G
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836.