Psalm 101
101
CI Psalm.
1Trócaire ’s breiṫeaṁnuis ċánfas me,
’Ḋé, seinnfead ḋuit le céol;
2A sliġe iomlán tuigfe me féin,
Do ṫeaċt‐sa ċú’m le héol’.
A meaḋon mo ṫíġe le diogras ceart,
Mo ċroiḋe, ṡíuḃalfaḋ mé;
3Cúis urċóideaċ ní ċuirfiod fós,
Ó’s coine mo ṡúile glé.
Droċ‐ġnioṁarṫa ni ṫaitnean liom,
Do ġníḋeas daoine claon;
Ni ċeangólaiḋ se ḋíom go déo,
Le sgrios air m’anam féin.
4An croíḋe fíoċṁar dealoċuid liom,
’Sni ċleaċtfuiġ me an daoí;
5An te ós iosall scanluiġios,
A ċóṁarsa le droċ‐ċroiḋe.
An tarraċta ’raḋarc ’san t’uaiḃreaċ,
A gcroiḋe ni iomċraim leís;
6Mo ṡúile biaiḋ ár ḋaoine ceart,
Na húire air fad gan leisg.
Ionnas go náitreóḋ a’m’ ḟoċair,
An ti ṡiuḃlas go hiomlán;
Is é sin fós go ceart á ġníḋ,
Fóġnaṁ ḋaṁ‐sa gan ċáim.
7Fear na ceilge ni ċóṁnóċuig se,
A’m’ ṫiġ‐se féin faoi ḃláṫ;
A’m’ láiṫir neaċ a laḃras bréug;
Do ġeóḃa se pian a’s cráḋ.
8Lom‐sgriosfuiġ mise fos go moċ,
Gaċ ciontaċ ta ’sa tír;
Ċum luċt an uilc a ġearraḋ ’maċ,
O ċaṫair Dé faoí aoir.
Currently Selected:
Psalm 101: PSA1836G
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836.