Psalm 75
75
LXXV Psalm.
1Bheirmid buidheachas duit, a Dhé,
Buidheachas buan do ghnáth;
Oir foillsighid do mhiorbhúilídhe,
Gur fogus th’ainm gach lá.
2Tráth gheibhim agus ghlacthar leam,
Cóimhthionól na dtíor;
Do ghnídhim dóibh deagh‐bhreitheamhnuis,
Go cómhthromach ’s go fíor.
3Ta’n talamh ’s an mhéid áitreabhas ann,
Sgaoilte ó chéile tráth;
Acht a cholbha daingneóchadsa,
Da gcoingbháil suas do ghnáth.
4A deirim ris na hamadáin,
Na deanuidhe leimhe ’chlódh;
’S le luchd an uilc, na tógbhaidh suas,
Bhur nadharc ann nios mó.
5Bhúr nadharc fós na tógbhaidh suas,
Ag caint le muineal cruaigh;
6Óir ni a noir, a niar, no ’ndeas,
Thigh onóir mhór no buaidh.
7Acht ’s breitheamh Dia do leagas aon,
A’s thógas aon fá seach;
8Oir scala a láimh an Ti’arna tá,
Don fhíon is deirge dreach.
Lán‐chumaiscthe thá, ’s doirtfidh se,
Cuid as amach go grad;
A dheasgadh fáisgfid peacaidh baoth,
A’s ólfuid é air fad.
9Acht cuirfidh mise fós a gcéill,
Go suthain a’s go síor;
Do Dhia Iácob cánfadsa féin,
Ard‐mholadh binn go fíor.
10Adharca uile na ndaoine táir,
Brisfidh me síos ’s gach ait;
Acht adharca na bhfíréanach,
Ardóchar suas go hait.
Currently Selected:
Psalm 75: PSA1836
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836