Psalm 74
74
LXXIV Psalm.
1Cread as fá’r theilgios sinne uait?
A Dhé, an eadh go bráth?
A ndéana th’fearg deatach ’naghaidh,
Chaorach th’inbhir ro bhreágh.
2Cuimhnigh a Dhé do chóimhthionól,
Do cheanchadh tu dhuit féin;
An oighreacht sin do sáoradh leat,
Sion do chómhnuighe ó chéin.
3Chum an fhásuigh síoruidhe bhuain.
Do chosa tóg go hárd;
Chum an uilc a rinn an namhuid,
Ad’ theampall náomh gan cháird.
4Do naimhde rinn siad béicidh bhorb,
Measg chóímhthíonoil do shluagh;
A’s thóg siad suas a mbratacha,
Mar chómhartha ár bhuadh.
5Bá chluiteach an té’r thógadh leis,
An tuagh ’na lámha suas;
Air chrannuibh árda dosach tiúgh,
Do chum a leagtha ’nuas.
6Ach anois an obár shnáighte ghrinn,
Le hórdaibh ’s tuaghaibh bhris;
7A’s chuireadar na lasair dheirg,
Do theampall náomh dá sgrios.
Tigh‐cómhnuighthe náomhta, th’ainme ’Dhé,
Féuch thruaill siad e le táir;
Da mhilleadh a’s da leagadh síos,
Cóimh‐iosal leis an lár.
8’Na gcroidhe labhair siad mar so,
Sgriosamáoid iad le chéil’;
Gach cóimhthionól ag Dia san tír,
Loisgeadar iad go léir.
9Ár gcómhartha ni fheicthear linn.
Fáidh ni bhfuil nios mó ann;
Ni mó ta neach na measg go léir,
Dár fios cia fad an tam.
10Cia fad a bheis, a Dhé na ndúl?
A neascaradh ’scanlúghadh:
An eadh go bráth, bheith an námhaid,
’Tarcuisniúghadh th’ainm bhúadh’ch.
11Cread fáth a bhfhillean tu do lámh,
Do dheas‐lámh féin air ais;
Cuingiomh as lár do bhrollaigh í,
Chum fuascladh orainn go cas.
12Oir Dia na nglóir ta neartmhar ard,
O chian a se mo Rígh;
’Meadhon na talmhan lena neart,
’Goibriúghadh sláinte a’s síth.
13An fhairge sgoiltigh le do neart,
As cinn ro láidir chruaigh;
Ná ndragún ansá nuisge mhór,
Ag déanamh orrtha buaidh.
14Cin Lebhiathan adhbhal mhóir,
’S tu féin a bhris a’s phronn;
A’s thug tu e, mar bhiadh don tsluagh,
Bhi ansa bhfásach lom.
15’S tu sgoilt tuilte a’s toibreacha,
’S tu thíormuigh aibhne mhór;
16’S tu d’órduigh solus agus grian,
’S leat a noidhche ’s a ló.
17Críocha na talmhan shocruigh tu,
Do rin tu samhradh teidh;
’S a giomhreadh fós do rinneadh leat,
’S na haimsiribh fa leith.
18A Thighearna cuimhnigh so go mór,
An namhaid gur sganluigh tú;
Agus go dtugadar dáoine leamh,
Dod’ ainmsi aithis dhlúth.
19Anam do choluim na tabhair suas,
Do chuideachda na ndaoí,
A’s cóimhthionól do dheóruidhe bhoichd,
Air dearmad siór na bí.
20Do chonnradh t’úir fá ndear a Dhé,
Óir aitreabhuigh dorch’ na tír;
Táid lann do mheall a’s mhalluightheacht,
A bhfoiréagan do shíor.
21Na fílltear air a nais le náir’,
An drong leatrom do ghní;
Na boichd agus na heasbhuighe bídh,
A’d’ mholadh gan aon sgíth.
22Éirigh a Dhé gan muill na stad,
A’s tagair do chús féin;
Cuimhnigh mar ta an tamadán,
Gach lá ag t’uirt dhuit béim.
23Na dearmuid guth na muint’re sin,
Na namhdaibh dhuit a tá;
Ta na dáoine eirghios a’d’ aghaidh,
Síor‐dhul a méud gach lá.
Currently Selected:
Psalm 74: PSA1836
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836