Psalm 76
76
LXXVI Psalm.
1An Iúdah aithníghthear ár nDia,
’S mór ’ainm a nIsraél náomh’;
2A Sálem tha a phailliún fós,
A’s árus a Síon cháomh.
3Saighde an bhogha bhris se ann sin,
An sgiath ’sa cloidheamh géur;
An cómhrac a’s an cath maraon,
Do briseadh leis go tréun.
4Is mó do lónracht glé a Dhé,
Is mó go mór do ghlóir;
Na sléibhte na creiche thóg suas,
A gceannaibh féin ro mhór.
5Do chreachadh lucht an chroidhe meisn’úil,
A’s chodail siad a suan;
Na dáoine bhi curata tréun,
A lámha air luth níor bhuan.
6Oir thusa as Dia do Iacob ann,
Led’ achmhusán ’s led’ neart;
An carbad‐cogaidh a’s an teach,
Na suan do cuirreadh leat.
7A ta tusa, thusa féin, a Dhé,
Uathbhásach iongantach;
Cia sheasas ós do choine suas,
Tráth bhi tu fearagach.
8Do thug tu air do bhreiteamhnas,
O neamh gur cualaidh é;
Bhi air an dtalamh eagla mhór,
’S na thamh go grod bhi se.
9Tráth d’éirigh Dia chum bréitheamhnuis,
Do sháoradh annsa nam;
Gach uile dhuine fíor a’s ceart,
Air talamh gan áon cham.
10Bheir fearg a’s tnúth dáoine an sin,
Ardmholadh dhuit go ceart;
A’s fuighioll fós a bhfeirge mhóir;
Lan‐choisgean tu led’ neart.
11Geallaidh bhúr móid go togarach,
D’ár nDia Iehóbhah árd;
A’s cóimhlíonuidhe go fírinneach,
Gach ár gheallbhúr gan cháird.
Gach neach ata ’na thíomchioll‐san,
Tugadáois dho a nam;
Deagh‐thabhartas a’s tiodhlacadh;
Don te ’nar ceart duinn crom.
12A’s ghnídh spioraid na nuachdarán,
A ghearradh ’mach le neart;
Do righthe fós na cruinne‐cé,
’S uathbhásach é go beachd.
Currently Selected:
Psalm 76: PSA1836
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836