Psalm 73
73
LXXIII Psalm.
1Go fírinneach tha Dia ro mhaith,
Do phobal Isaráel;
Don drong da bhfuil a gcróidhe glan,
Tha Dia dhoibh maith don réir.
2Acht air mo shonsa, ’sbeag nár sguir,
Mo chosa uaim go grad;
Ní mór nár rin mo chéimne fós,
Sleamhnúghadh uaim air fad.
3Ris na hamadánaibh ghabhas tnúdh,
Tré fheicsin soirbheas daói;
4Óir ni bhfuil cuibhreach an a mbás,
Trean‐neart is leó gan díth.
5Mar dháoine eile ni bhfuil siad
Faoi bhuaidhreadh no faoi bhrón;
’S ni bhfuilid air na gcrádha fós,
Mar chách lé Piantaibh treón.
6Uabhar mar shlabhradh uime sin,
’Na dtimchioll, fa gcuairt thá;
A bhfóirneart féin da bhfolach súd,
Mar éadach ortha ’ghnáth.
7A suile théid amach le sáill,
Sáruighid smuain a gcroidhe;
8Labhruid geanguid, agus truaillí’d,
Le na mbéul go haingidhe.
9A naighidh na neamh a’s na spéur,
A mbéul do thóg siad suas;
Air feadh na talmhan a’s na dtír,
A dteanga‐san do ghluais.
10Air an adhbhar‐soin fillidh fós,
A dháoine ansa treógh;
A’s faisgthear dhóibh súd amach,
Uisgidhe a gcuach gan ghó.
11A’s deir siad, cionnas ’s léir do Dhia,
Bhfúl tuicse san tí’s árd.
12Féuch súd na daoi a soirbhiughadh,
Ag fás a maoin gan cháird.
13Mo chroidhe sgagas a ndiomháoineas,
’Sa neamhchiontaibh ní’s mo lá’;
14Óir buailte a’s Pianta ’ta mé,
’Sair maidin m’aithbhir tá.
15Ma deirim, labhradh me marso,
Feuch déanad eagcóir beachd;
A naghaidh shliocht a’s ghinealach,
Na cloinne ’sionmhuin leat.
16Tráth smuainígh me go dtuigfin so.
Budh chruadh‐cheist orm an gníomh;
17Acht chuaidh me ’steach go náomh‐theach Dé,
Ann‐san thuig me a gcríoch.
18Go deimhin chuir tu iad air fad,
An áitibh sleamhain lom;
A’s teilge leatsa iadsan síos,
Le dioghaltas go trom.
19Cionnas a thugthar iad gan bhrígh,
A dtamall beag aon uair;
Oir tháid siad ár na sgrios go tur,
Le huamhan ’seagla mhór.
20Mar aisling nuár a mhuisglis neach,
Mar sin a Dhia na sluagh;
A ndeilbh do tharchuisníghean tú,
Tráth dhúis’eas tu go luath.
21Mar so do bhi ár mo chroidhe crádh,
’S air m’árnaibh goin ro ghéur;
22Oir bhi me báoth a’s aneólgach,
Mar ainmhidhe éugas léir.
23Gidheadh bhi me do ghnáth agadsa,
A Thighearna gach lá;
A’s air mo dheas‐láimh rugais‐se;
Dom chongbháil suas gach tráth.
24Do ghnídhthear leat mo stiúradh fós,
Léd’ chómhairle am’ fhéidhim;
A’s gheóbha tu me a steach chúghad,
Ad’ árus glórmhar féin.
25Cía ta agam ’sna flaithios shuas?
Acht thusa a Dhé na ndúl;
A’s ni bhfuil neach air talamh fós,
Ach tu ’na bhfuil mo dhúil.
26Mo chróidhe a’s m’feól maráon ata,
Air meath le laige ’ghnáth;
Gidheadh ’se Dia neart mo chroidhe,
’S mo chómh‐roinn buan go bráth.
27Óir féuch iadsan ta a bhfad uait,
Léirsgríosair iad go luath;
Oir cláoidhtear leat gach éile neach,
Air striopachas théid uait.
28Acht dhamhsa is maith druid re Dia,
Mo dhóigh ta ’nDia mo neart;
Do chum go bhfoillseochuinn do shíor,
Na neithe rinneadh leat.
Currently Selected:
Psalm 73: PSA1836
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836