Psalm 72
72
LXXII Psalm.
1’Dhé, t’úir do bhreitheamhnuis don rígh,
A’s th’fíréuntacht dá mhac;
2Bheir sesion ceart bhreith ár an tsluagh,
’S do bhochtaibh cóir na nairc.
3Na sléibhte árda bheir amach,
Síothcháin na ndáoine grad;
A’s bheir na tulcha beaga síoth,
Le fíréantacht gan stad.
4Air dháoinibh bochta ’phobuil fós,
Bhéaraidh se breith go ceart;
’S clann na neasbhuidheach sáorfa se,
Mion‐bhrisfigh lucht ain‐neart.
5An fhaid a mhárfeas grían a’s ésg,
’Freasdail d’oidhche a’s lá;
Biaidh th’eagla orra sin go mór,
O dhín go dín gach tráth.
6Mar fhearthuinn ár an bhféur bainte,
’S ionan thig‐se anuas;
Mar cheathaibh ag fliuchadh na húir’,
’S amhluidh ’ghrás gan chruadh’s.
7Iona laéthibh sin go húr a bheis,
Na fíréunaidhe fáoi bhláth;
Feadh bheis an gheallach ansa spéir,
Biaidh síothcháin ann do ghnáth.
8Biaidh tí’arnas aige mar an gcéadn’,
Ó thuinn go toinn do shíor;
A’s roichidh súd ón amhuin mhóir,
Go hiomal chrioch gach tír.
9Lucht áitreabhas fós san díothramh,
Dho sléachtfuid síos gan ghó;
’Sa naimhde líghfid an luaithreadh,
A tabhairt úmhlacht dhó.
10Ríghthe Thairsis a’s na noilléan,
Tiodhlacadh bheir siad uath’;
Bheir Ríghthe Shéba, Séba fós,
Tabhartas do go luath.
11Seadh fós ’na láithir sleachtfuigh síos,
Gach rígh ár talamh thá;
’S gach gineallach ár feadh gach tír,
Dho seirbhís ghní do ghnáth.
12An tanbhan, bocht ’sa deóruighe truagh,
Saorfadh tráth éigheas air;
13Mór‐thrócaire cháomh bheir don bhochd,
A nanma sáorthar leis.
14’Sé fhuasglas a nanama fós,
Ó mhealladh ’s fhóirneart ghéir;
A’s iona radharc san do ghnáth,
Is luachmhor ’fhuil go léir.
15A’s an feadh bheith se beó ár úir,
D’ór Shéba bhéara dho;
Gnáth‐úrnaighthe dhéana se’r’ shon,
Beannóchthar e gach ló.
16Dórnán arbha ’sa talamh bheis,
Air bhuaic na sliabh ’s na mbeann;
A’s biaidh a thoradh trom ár crith,
Mar Lebanon na gcrann.
An drong atá ’san gcathair mhóir,
Biaidh torradh orra a’s bláth;
Go líonmhur mar is dual don fhéur,
Air talamh fás a tá.
17Beis ’ainm‐sean buan go suithin síor,
Cómh‐marthanach leis an ghréin;
Beannóchar mórán dáoine ann,
Sonna, ghoirfidh ’núir e féin.
18Beannuighthe go raibh an Ti’arna Dia,
Dia Israél do shiór‐ghnáth;
An te amháin ní míorbhúilídhe,
Le neart a’s tréun a lá’.
19Beannuighthe go raibh do ghnáth buan,
’Ainm glórmhar uasal féin;
Líontar an talamh le na ghlóir,
Amen agus amén.
Currently Selected:
Psalm 72: PSA1836
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836