Psalm 71
71
LXXI Psalm.
1Mo dhóchas ionnad ta a Dhé,
Na biodh náire orm go deó;
2A’d’ cheartas fóir leig sáor me as,
Cláon liom do chluas le fóir.
3A’d’ charruig chómhnuidhe bhi‐si dhamh,
’Na rachfuigh me do shíor;
Mo bhabhun a’s mo dhaingean thu,
Thug aithne chum mo dhi’on.
4As laimh an chiontagh o mo Dhia,
Dean fuasgladh dham a’m’ chrúa’s;
As láimh na ndáoinneadh eaccórach,
Ta gan iocht gan truághas.
5Oir is tusa, Thi’arna mo Dhia,
Mo dhóchas an mo fhéidhm;
Ó áois a’s aimsir m’óige a nuas,
Mo dhóigh is tu go deimhin.
6’S tu rinn mo chongbháil suas ó’n mbroinn,
’Són mbolg thug me a mach;
Mo mholadh biaidh órt fós go brách,
Arson do ghrás fo seach.
7Mar adhbhar iongantais a Dhé,
Aig móran ata me;
Ach ’s tusa is tearmonn dilios dhamh,
Mo spionnadh mór gach ré.
8Go liontar le do chlúdh mo bhéul,
’S le th’onóir féin gach ló;
9Na teilg me uait am aois ’s na tréig,
Trath fhaillighios mo threóir.
10Oir m’aghuidh, meid is namhuid dam,
Labhruid go sgigeach géur:
’S an dream ta’brath ár m’anam bocht,
Ghnidh cómhárle le na chéil’.
11Ag radh do thréigeadh e le Dia,
Inghreamaidh e go teann;
A’s glacuidh, oir da sháoradh fós,
Ní bhfuil neach sáortha ann.
12A Dhia na bí‐se fada uaim,
Fóir oram, mo Dhia, go luath:
13Biodh naire a’s cláoidh ár m’eascárdibh,
Da ttug do m’anam fuath.
Le sganail ’snáire folchar iad,
’Ta ’giarraigh m’uilc gach ló:
14Beith dóigh agam ionad do ghnáth,
A’s molfad tu níos mó.
15Labhróchuigh mo bhéul air th’fíréuntachd,
’S do shláint’ gach lá gan sgíos;
A náireamh súd ár líonmhuireachd,
Ni fhéidir a chuir síos.
16Tre neart an Tighearna mo Dhia,
Fós rachfadh mé do ghnáth;
A’s tráchdfad ár th’fíréuntachd,
Agus ár sin gan sgáth.
17O m’ óige thugais teagasg dham,
A Thi’earna ’gus a Dhé;
A’s a cuir th’oibre iongantach,
Go nuige so a gcéill.
18Anois ár mbeith dham sean a’s liath,
Ná tréig me, Dhia na bhfeart;
Go dtaisbeana me do lúth ’s do neart,
Don dín a ta le teachd.
19’Sh ró árd th’fíréuntachd féin, a Dhé,
Do rinnios neithe mór;
A Dhia cia hé is cosmhuil riot,
No ’gcóimheas leat a nglóir.
20Bhuadheartha iomdha neimhneacha,
Thaisbeunais dham a Dhé;
Aithbhéodhachair, a’s bhéarfadh tu,
O dhoimhneachd talmhan mé.
21Fóirlíonfa tu m’arrachtas,
Le sólás o gach táobh;
22Air adhbhaidh sáltrach, molfad mo Dhia,
Seadh th’fírinn ta ro cháomh.
A’s seinnfead dhuit ár chlárseach bhínn,
A aoin náomhtha Isráel;
23Is mór mo gháirdeachas gach uair,
A chánfadh dhuit mo bhéul.
Biaidh subhachas a’s áoibhneas mór,
Air m’anam féin a Dhé;
Do sáoradh leat go trócáreach,
O thrioblóidibh go léir.
24A’s biaidh mo theang’ ár th’fíréuntachd,
Ag iomrádh feadh an laé;
Óir cláoídhte ’s náiriugh’ ta an drong,
Chum m’uilc do iairus mé.
Currently Selected:
Psalm 71: PSA1836
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836