Psalm 65
65
LXV Psalm.
1A Sion árd is dual dhuit féin,
Moladh a Dhe gan díth:
Is dutse dhioltar fos an mhóid,
Go ceart mar gheallthar í.
2O’s thusa eisteas urnuidhe ghlan,
’S chugad thiocfas gach aon;
3Mo sheachran ta a nuachtar orm,
Glanfuirse ar gcuir uainn.
4Is beannuidhe an duine sin go deó,
A thoghfar leat a Dhe;
A’s bheirir fos a bhfogus dhuit,
Comhnuidhe a’d’ chuirt ghnidh‐se.
Sáiseóchar sinn le nidhthe maith,
Do theach ’s do theampoll naomh’;
5Le neithibh uathbhásacha bheir duinn,
A’d’ cheartas freagra caomh.
A Dhia ar sláinte ’s tu go dearbh,
Is dóigh do gach iomal tír;
’S a bhfuil san mbóchna fada uain,
A ndóchas ’s tu do shíor.
6Se shocruigheas gach sliabh le neart,
Go criosluighthe led’ fheart;
7Se choisgeas fuaim na mara ’s tonn,
’S buaireadh na slóigh nach ceart.
8Na dáoine ta na ccómhnuidhe thall,
’S na tíribh fad amach;
Na uamhan orra ta go mór,
Do chómhartha míorbhuileach.
Is tusa bhéir ár dol amach,
Na maidhne gach aon lá;
’S air an fheasgair mar an ccéadn’,
Bheith luathgháreach do ghnáth.
9An talamh d’fiosruighios go cáoimh,
Agus fliucha tu go réidh;
Cuirfir saidhbhris air le Hamhuin Dé,
Ta lán do uisge ghléidh.
Dóibh arbhar ta tu’gullmhúghadh,
Le d’freasdal chaomha féin;
10Ag uisgeaghadh le fearthuinn mhor,
A niomairidhe go mín.
A neitre leagfuigh tu‐sa sios,
Le grásuibh ghnidh tu tais;
A mbar agus a maothain fós,
Beannuighe tu léd’ fheabhus.
11An bhliaghain d’iathuidh tu fa ccuart,
Led ghrásuibh féin a Dhé;
Ta saill a sileadh ann sgach áit,
Od choiscéimnibh go réidh.
12Air chluainibh glas an fhásuigh loim,
’Nuas silidh siad go mín;
Na cnoca beaga deas a’s tuaigh,
Aoibhneas a’s gean do ghnídh.
13Na hinbhir ata eaduighthe,
Le tréuduibh an ’s gach áit;
Na glinn le harbhar folughthe,
Cánuid ’s béicid le háith’.
Currently Selected:
Psalm 65: PSA1836
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836