YouVersion Logo
Search Icon

Psalm 64

64
LXIV Psalm.
1Trath ghnidh me urnuighe riot, a Dhé,
T’uir eisdeacht dham go luath:
O eagla namhuid coimhéad mé,
Go raobfaidh m’anam truadh.
2O chómhárle diomhair dhaoine daoi,
O ionnsuidh gharbh maraon;
Lucht deanta uilc a’s aingidheachd,
Cuir folach orm go caoin.
3Le na tteangthuibh féin gearran siad,
Mur mhaol‐dorn rinneach géar;
Ta mbogha ar lúdh ’s a saighde deas,
Sud briathra searbh a mbéil.
4Do chaitheamh iad go foluidheach,
An fíréunnach a tá;
Go hoban ta da chaiteamh fós,
Gan eagla a’s gan sgáth.
5A’ gabháil meisnigh ’tád chum uilc,
Go minic da rádh le chéil’;
Ag cur a lionnta a nuaigneas,
Deir cia, chidhfidh sin go leir?
6Gach olc do ransuidh siad amach,
Seadh rinn siad sgrúdadh géur;
A mian a stigh, is domhan é,
Sa ccroidhe mar an ccéadn’.
7Ach soighiod caithean orrtha Dia,
Bhios rinneach goineach géar;
Grad‐bhuailtéar agus loitear iad,
Da ngortughadh go léir.
8Mar sin bheir siadsan orrtha féin,
Toradh a tteang’ go grad;
Gach uile neach d’ar lear a ndóigh,
Teithid uadha air fad.
9Mor‐eagla biaidh air gach neach,
A’s foillseóchuid obair Dé;
Oir bearthar leó go glic fa ndear,
An gniomh úd a rinne se.
10Ghnidh an fíréun luathgháir an Dia,
Ag cur a dhóchais ann:
’S gach neach da bhfuil croidhe ceart,
Ghnidh gáirdeachas nách gan.

Currently Selected:

Psalm 64: PSA1836

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in