Psalm 66
66
LXVI Psalm.
1Fuaim luiathgháireach do Dhia na ndúl,
Tugaidh gach uile thír;
2Dá ainm ro‐ghlórmhar seinnidhe glóir,
Sgaoilidhe a chlúdh do shíor.
3Abruide re Dia cia huamhásach,
Na hoibre ghnidhthear leat?
Oir géilfid dhuit na naimhde borb,
Da bhrigh gur mór do neart.
4Claoinfidhe gach nidh ár talamh dhuit,
Ag iomrádh ort go binn;
Dod’ ainm ro uasal iongantach,
Gnidh moladh mór a sheinn.
5Tigidhe is féuchuidhe oibre Dé,
Is breathnuidhe iad go grinn;
Is uathbhásach air chlann na ndaoin’,
Na gniomhartha do rinn.
6Do thiormuigh se a nfairge mhór,
Tré’n amhuin ghabh da ccois;
Ann sin budh luathgháireach bhi sinn,
A nDia ar ndion ’s ar ttréis.
7Lé tréuhn‐neart riaghluidh se go bráth.
Na slóigh da shúile ’s léar;
’S ni airdeóchuidh na heasaontuidh,
Go hamaideach iad féin.
8O dhaoine, beannuidheadh ár nDia,
Ard‐mholuidhe e gan chlos;
9Se chungmhus ar nanam beó ’s bheir,
Nach ccorruidhthear ar ccos.
10Do dhearbh tu sinn a Dhé theastai’s,
Mar airgiod leaghais sinn;
11Ar leasradh cheanglais, go ro theann,
A’s thug tu sinn san lion.
12Thug tu dháoine marcuigheacht oruinn,
Thridh theinne a’s uisg’ do chuaidh;
Arís go hionad saidhbhir réid,
’S tu féin thug sinn le buaidh.
13Rachad dod’ thigh le ofráil loisg’,
Cóimhlionfad duit mo mhóid;
14Do gealladh leam le fosgladh béil,
Trath bhidhis a n’eigin mhóir.
15Iodhbártha, loisge do mheithealluigh,
Le túis a’s saill na reith;
Ofrail na mbó, ’s na ngabhar fós,
Súd bheirim dhuit fa leith.
16O sibhse, da bhfuil eagla Dé,
Tigidhe a’s eistidhe liom;
Inneósad na neithe rinn Dia,
Do m’anam bocht san am.
17Do ghláoidh me ris go hárd rem’ bhéul,
Lem’ theanga mholas e;
18Am chroidhe ma bheirim speis don olc,
Ní eistfidh an Tighearna me.
19Go deimhin d’eist Dia; ’s thug fa ndear:
Guth mh’urnuighe righ na ndúl.
20Moladh do Dhia, nar dhiult a ghrás,
’S mo ghuidhe nár chuir ár ccúl.
Currently Selected:
Psalm 66: PSA1836
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836