Psalm 63
63
LXIII Psalm.
1O Dhia, is tu mo Dhia, go moch,
Sirfigh me thu gach lá;
Ro thartmar ata m’anam bocht,
A ngeall ort féin do ghnáth.
Ta mian a’s ciocras mór air m’feoil,
A ngeall ort féin gach am;
An tír ro‐thirim tartmhar theith,
Gan uisg’ ár bíth bheith ann.
2Do chumhacht chum go bhfeicfinn féin,
’S do ghlóir ata ro cháoimh;
’Reir mar chonárcas roimh’seo thú,
Le clúdh ad áruis naomh.
3Airson gur fearr na beatha fós,
Do chaoimhneas grádhach féin;
Ard‐mholádh duit le iomud clúdh,
Mo bhéul do bheir maraon.
4Mar sin ár feadh a bhios me beó,
Beannóchad thu do ghnáth;
Is a’d’ naomh‐ainmse tógfad suas,
Mo lámha leat gach tráth.
5Saiseóchar m’anam mar le smior,
’S le saill ro ramhar meith;
Is bheir mo bhéul ’s mo phuisinn dhuit,
Ard‐mholadh binn a Dhe.
6Tráth ghnidh me air mo leabuidh fós,
Do cuimhniughadh le tlacht;
’S a nám na faire smuaineadh órt,
Air dhul don oidhche thart.
7Do brigh go rabhais ’a’d cha’ir ’gam,
A Thighearna a’s a Dhé;
Bídh aoíbhneas agus aiteas orm,
Faoi chuim sgáile do sgéith.
8Ta m’anam a leanmhuin diot go dluith,
Do dheas‐lámh am coimhead;
9Lucht iarrtha m’anama bocht le sgrios,
Bhfad sios san uaigh a théid.
10Le faobhar cloidhmhe agus airm,
Sios tuitfidh siad go lár;
Mar chuibhrionn dona Sionchuibh ruaidh,
Do ghnidhthear iad le táir.
11Ach aoibhneas ghnidh an righ a nDia,
Nuair luathgáiris gan bhéud;
Gnidh siadsan uaill ach druidthear béul,
Gach neach a labhras bréug.
Currently Selected:
Psalm 63: PSA1836
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836