YouVersion Logo
Search Icon

Psalm 62

62
LXII Psalm.
1Le foighid mhór ta m’anam bocht,
’Feitheamh air Dhia a mháin:
’S an uaidh ta furtacht agus fóir,
Teacht ormsa ó gach láimh.
2Se ’mhain is carruig dhiodan damh,
A’s mo shlánúgh’ e ro dheas:
Mo thearmonn dilios e maraon,
Go mór ní gluaistear mis’.
3Ca fad thionsgnas sibhse anois?
Aimhleas fós agus locht;
Mar bhalla ár crioth a’s fhál ár gclaon,
Ta leagadh oruibh a teacht.
4Ón’ ónóir árd dom theilgion síos,
Ta ccómhairle sion a gruith;
Se ’s mian leo bréug, bídh’n beannacht na mbéul,
Acht mallacht a ttaobh a stigh.
5O m’anam feith le foighid mhór,
Re Dia amháin do ghnáth;
Oir ansan ta mo mhuinighin féin,
’S mo dhóchus féin go bráth.
6Se amháin is carruig dilios dhamh,
Se mháin mo shlainte deas:
Mo dhiodan dhaingion e maráon,
Ni corróchtar mise as.
7Mo shláinte ta ’s mo ghlóir a nDia,
Ann dhóighim féin a ghnáth;
Carruig mo neirt ’s mo thearmonn thréun,
Se Dia go buan ’s go bráth.
8A phobuil cuirigh sibh a nDia,
Bhur ndóchas an sgach am;
Na láthair doirtídhe ’mach bhur ccroidhe,
Se Dia is diodan ann.
9Is nidh diomhaoin clann na ndaoin’ fós,
Tha daoine mór na mbréig:
Air meadh le to’s is eadtruim iad,
Na diamhaoineas go léir.
10Na hearb a bhfóirneart ’s na dean uaill,
A sladadh na ndrochbheart;
Na cuir go Deó, do chroidhe a stór,
Trath chinneas saidhbhréas leat.
11Do labhair Dia aonuair a mach,
Sud chualas uair no dhó;
Gur leis an Dia ta cumhachtach,
Tréine a’s neart gach ló.
12Trócaire a Thi’arna is dual dhuit,
A’s grása mór maraon:
Oir bheir tu réir a ghniomhartha,
A luaigheacht do gach aon.

Currently Selected:

Psalm 62: PSA1836

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in