YouVersion Logo
Search Icon

Psalm 59

59
LIX Psalm.
1Coisin a’s saor me, o mo Dhia,
Om’ naimhdibh éirgios chú’m:
2Ó lucht an uilc, ata fuilteach,
Di’on mise a’s cuidigh leam.
3Féach ’naghaidh m’anma luigheachán,
Is cruinnid daoine tréan;
Ni ’bhrígh a Dhia air son mo locht,
No coir a rinn me féin.
4As ruithean siad gan chion am’ thaobh,
’S go hollamh dul air ghléus:
Chum teacht am’ fhurtacht múisgil tráth,
A’sh tabhuir fa ndear a mbéas.
5O Dhia na sluagh a Dhe Israél,
Mosguil go bhseicthear leat:
Na geinnte ’s na dean iocht ár neach,
Go hainghidhe bhris do reacht.
6Air teacht do’n fheascair fillean siad,
Tathfan blaodh go hárd;
Mar choin fá’n mbaile cuartughadh,
Is amhluidhe táid gan áird.
7Féuch bruichdead amach, le na mbéul.
As a mbillibh cloidhmhe géar;
Cia chluinneas sin no bheir fá ndear?
Se súd is caint dhóibh féin.
8Ach thusa, Dia Iehóbhah mhóir,
Ghnidh gáire fanoid riu;
A’s mar bhall maguidh dearbhtha fós,
A’d’ radharc na geinte bí.
9Airson gur mór ’s gur maith do neart,
Sior‐fheithim ort do ghnáth;
Do bhrigh go bhfuil damh Dia na ndúl,
Na dhidean dluith go bráth.
10Biodh Dia, o ttig mo thrócáre chaóimh,
’Dul rómham air gach céim:
Se Dia bheir damh air m’eascárdibh,
Mo mhian go bhfeicfid féin.
11D’eagla mo phobal bheith dearmadach,
Na mairbh an bhuidhean úd:
O Dhia, ár sgiath léd chumhacht sgaoil,
’S leag iad go hiosal fúd.
12Fa locht a tteangtha a’s caint a mbéil,
Na nuaillsean glacthar iad:
Fa bhrigh na mallacht a’s na mbréug,
Do labhair siad le héud.
13Sgrios iad ad fheirg ’sgrios iad go tur,
A’s téigh siad as go dian;
A’s tuigeadh an sin gach uile thír,
Righ Iacoib gur b’e Dia.
14Air teacht thráthnóna fillidís,
A’s taifnedís go hárd;
Mar choin fán mbaile a cuartughadh,
Is amhluidhe bheid gan áird.
15Ag iarruidh bidh go reachránach,
Go luaimneach a’s fa bhrón;
Ag déanamh ithiomrádh san oidhch,
Mur mbi a saith na mbroinn.
16Ach molfa mise féin do neart,
Go moch ag seinn do ghrás;
Air son gur tu mo thearmonn thréan,
’S mo dhaingéan féin ’s gach cás.
17’S tu mo neart, duith chanuim fonn,
Se Dia mo dhidion tréan;
Se Dia féin, rinne trócáre orm,
A’s chuidigh leam a mfhéidhm.

Currently Selected:

Psalm 59: PSA1836

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in