YouVersion Logo
Search Icon

Psalm 58

58
LVIII Psalm.
1An labhair sibhse a chóimthionól,
An fhírin cheart gan chláon?
’Sa ndean sibhse go cómhthromach,
Breith cheart air chlann gach aon.
2Is ann bhur ccroidhe ta sibh ag dealbh,
Urchóid mór gan támh:
’S air talamh ta sibh tómhas fós,
Foiréigin cruaidh bhur lámh.
3Lucht uilc ó thig siad as a mbroinn,
Siubhlaidh air shlíghe fhiar;
O bheirthear iad ár seachrán theid,
A labhairt bréug do shíor.
4A nimh, mar nimh na natharach ta,
Mar nathair dhruid a gcluas:
5Le guth na ndruadh ta eagnuidhe glic,
Na heist agus na gluais.
6A bhfiacla bris a Dhé na mbéul,
A Thighearna láidir thréin;
Pronn tusa bhfiacla beag a’s mór,
Na leómhain óg le béim.
7Leaghaidís faon ag sileadh sios,
Mar uisge ruith le glean:
’S a shaighde bris trath chuireas se,
A bhogha air luth go teann.
8Mar sheilide, bhios a leaghadh as,
Rachadh siad as go dian;
Mar thóirrchios ro anabuidh mna,
Na feicidís an ghrian.
9Sul ma mothuigheann bhur noighean,
O chonadh chrion an teas;
Ghnidh Dia ’s iad beó ann a fheirg ghéir,
Le anfa dian a sgrios.
10Bi áoibhneas air an bhfíréun chóir,
Tráth chi se an dioghaltas;
As a bhfuil na naingidheach cláon,
Nighfigh se fós a chos.
11Deir duine an sin go bhfuil go fíor,
Deag‐dhuais aig daoinibh cóir:
’S go bhfuil ár talam, deimhin fior,
Na bhreitheamh Dia na nglóir.

Currently Selected:

Psalm 58: PSA1836

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in