Psalm 60
60
LX Psalm.
1A Dhé do theilg tu sinne uait,
Do scab tu sinn air fad;
Oir bhi tu linn a bhfeirg ann‐mhór,
Iompuigh féin linn go grad.
2Chuir tusa an talamh trom air crith,
A’s fós do bhris tu é;
Deisigh a bhearnadh, óir go fíor,
Air crith an‐mhór ta sé.
3Do thaisbein tusa neithe cruaidhe,
Don tsluagh is leat le cóir;
Fion‐mearuighthe chuir uamhan cruinn,
Thug tusa dhuin ré nól.
4Ach thuguis bratach árd a Dhe!
Don dream d’ar eagal thú;
Do chum go nochtadh súd amach,
Bhrigh fhírinn dhuit le clúdh.
5O dhaorsa chum go saorfaidhe leat,
Do phobal ionmhuin féin;
Eist leam a’s slánuigh me go grad,
Léd dheis‐laim láidir thréin.
6’Na naomhthacht labhair Dia na bhfeart,
Bhídh aoibhneas oram nách gann;
Air Seicim ghnidhim roinn go ceart,
Gleann Shucoit tóimhistir leam.
7’Sleam Gilead tre dhlighe cheart,
Manasseh ’s leam gan achd;
Si treabh Ephráim neart mo chinn,
Bheir Iudah amach mo reacht.
8Agus soitheach ionnluid Moab dhámh,
Teilgfiod tár Edum thruaigh,
Mo bhróg, agus déan caithréim bhinn,
A Phalestín le buaidh.
9Cia bheir don chathair daingean me,
’S go hEdum bheir go ceart?
10Nach tusa, Dhia le’r thréigeadh sinn
’S nach ndeachuidh mach le’r bhfeacht.
11O bhuáreadh tabhair cóngnadh dhuinn,
Oir is diomhaoin furtacht dhaoin:
12Tre Dhia ghnidh sinne ard‐ghaisge,
Se shaltras namhuid fuinn.
Currently Selected:
Psalm 60: PSA1836
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836